Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Chum na dTesaloníceach 3:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 agus do ċuireamar Timóteus, ar mbráṫair agus ministir Dé i soiscéal Ċríost, ċugaiḃ ċum siḃ do ḋaingniú, agus ċum sólás i dtaoḃ ḃur gcreidiṁ do ṫaḃairt daoiḃ;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Agus do ċuireamar Timotéus, ar ndearḃráṫair, agus minisdir Dé, agus ar ḃfear caḃarṫa a soisgéul Ċríosd, ċum siḃse neartuġaḋ, agus do ṫeagusg do ṫáoḃ ḃur gcréidiṁ:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Chum na dTesaloníceach 3:2
24 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus ṫáinig sé go Derbé agus go Listra, leis: agus féaċ, do ḃí deisceabal annsin, darḃ ainm Timóteus, mac mná Iúdaiġe go raiḃ an creideaṁ aici; aċt ba Ġréagaċ a aṫair.


Agus mar sin do ḃí na h‐eaglaisí ag neartú san gcreideaṁ, agus ag dul i méid i n‐aġaiḋ an lae.


Aċt nuair ṫáinig Sílas agus Timótéus anuas ó’n Maiceadóin, do laḃair Pól an briaṫar le lán‐dúṫraċt, g‐á ḋearḃú do na h‐Iúdaċaiḃ gur ab é Íosa an Críost.


Beannuiġeann Timóteus, cóṁ‐ṡaoṫraiḋe liom, agus Lúcias, agus Iásón, agus Sosípatros, mo ḋaoine muinntearḋa, ḋaoiḃ.


Do réir grása Dé tugaḋ ḋom mar árd‐ṡaor cliste, do ċuireas‐sa an bun, agus tógann duine eile air.


Ċuige sin is eaḋ do ċuireas Timótéus ċugaiḃ, mo ṁac ionṁain féin atá díleas san Tiġearna; cuirfiḋ seisean i gcuiṁin daoiḃ mo ṡliġṫe atá i gCríost, mar ṁúinim‐se ins gaċ áit, ins gaċ eaglais iad.


Pól, abstal Íosa Críost tré ṫoil Dé, agus Timótéus ár mbráṫair, ċum eaglaise Dé atá i gCoirinnt, mar aon leis na naoṁaiḃ go léir atá i nAċáia ar fad:


Óir Íosa Críost, Mac Dé, do ṡeanmóireamar daoiḃ, is é sin mise agus Silḃánus agus Timótéus, níor ’seaḋ agus ní h‐eaḋ é, aċt ní ḟuil ann aċt ’seaḋ i gcóṁnaiḋe.


Anois nuair ṫángas go Tróas ar son soiscéil Ċríost, giḋ gur ḟoscail an Tiġearna doras róṁam, ní raiḃ suaiṁneas ar mo spiorad,


toisc naċ ḃfuaras mo ḃráṫair Títus: aċt d’ḟágas slán aca agus d’imṫiġeas go dtí an Ṁaiceadóin.


I dtaoḃ Ṫítuis, is é mo ċóṁṗáirtiḋe agus mo ċóṁoibriġṫeoir ’n‐ḃur dtaoḃ‐sa é: agus maidir le n‐ár mbráiṫriḃ, is iad abstail na n‐eaglais iad, glóir Ċríost.


Agus ó táim cinnte ḋe sin, atá a ḟios agam go ḃfanfad agaiḃ‐se uile, ċum siḃ do ċur ar aġaiḋ,


Pól, abstal Íosa Críost de ṫoil Dé, agus Timóteus bráṫair,


mar d’ḟoġlaim siḃ ó Epafras, ár gcóiṁ‐ṡeirḃíseaċ ionṁain, atá ’n‐a ṁinistir dílis do Ċríost ar ár son,


Epafras, duine ḋíḃ féin, seirḃíseaċ Íosa Críost, beannuiġeann seisean daoiḃ, agus é ag spairn gan stad ’n‐a urnaiġṫiḃ ar ḃur son, g‐á ġuiḋe go seasfaiḋ siḃ go diongḃálta, lán‐dearḃṫa de ṫoil Dé.


mar aon le hOnésimus, bráṫair dílis, ionṁain, duine ḋíḃ féin. Ḃéarfaiḋ siad‐san fios scéil daoiḃ i dtaoḃ gaċ a ḃfuil d’á ḋéanaṁ agam.


ċum go ndaingniġiḋ sé ḃur gcroiḋeaċa gan loċt i ḃfiaḋnaise ár nDé agus ár nAṫar, ag teaċt d’ár dTiġearna Íosa i n‐éinḟeaċt le n‐a naoṁaiḃ uile.


D’á ḃriġ sin, nuair nárḃ ḟéidir liom foiḋneaṁ níb’ ḟaide, d’iarras faisnéis d’ḟáġáil i dtaoḃ ḃur gcreidiṁ, ar eagla, ar ċor ar biṫ, go mbéaḋ caṫú curṫa ag an gcaṫuiġṫeoir oraiḃ, agus go mbéaḋ ár saoṫar i n‐aisce.


agus go neartuiġiḋ sé i ngaċ deaġ‐ġníoṁ agus i ngaċ deaġ‐ḟocal siḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ