Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Chum na dTesaloníceach 3:12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 agus go méaduiġiḋ an Tiġearna an gráḋ ionnaiḃ go líonṁar d’á ċéile, agus do ċáċ, mar atá againn féin daoiḃ‐se;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 Agus go méuduiġe an Tíġearna siḃ agus go dtuguiḋ fó deara ḋiḃ líonaḋ a ngráḋ ḋá ċéile, agus do na huile ḋaóiniḃ, do réir mar atámuidne fós díḃse:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Chum na dTesaloníceach 3:12
21 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus atá an dara h‐aiṫne cosṁail léi, Gráḋóċaiḋ tú do ċóṁarsa mar ṫú féin.


D’á ḃriġ sin, gaċ niḋ ba ṁaiṫ liḃ go ndéanfaḋ daoine ḋaoiḃ‐se, déanaiḋ‐se mar an gcéadna ḋóiḃ‐sean: mar is é sin an dliġe agus na fáiḋe.


Agus aduḃairt na h‐abstail leis an Tiġearna, Méaduiġ ár gcreideaṁ.


Ná bíoḋ fiaċa ag aon duine oraiḃ, aċt aṁáin an gráḋ is ceart ḃeiṫ agaiḃ d’á ċéile: óir an té go ḃfuil gráḋ d’á ċóṁarsain aige, tá an dliġe cóiṁlíonta aige.


Agus an té do‐ḃeir síol do’n tsíoladóir agus arán mar ḃiaḋ, soláṫróċaiḋ agus méadóċaiḋ sé síol ċum curṫa ḋaoiḃ, agus méádóċaiḋ sé toraḋ ḃur ḃfíréantaċta:


Aċt is é toraḋ an Spioraid, gráḋ, aoiḃneas, síoṫċáin, fád‐ḟulang, muinntearas, maiṫeas, dílse,


Óir i nÍosa Críost ní ḟuil fóġnaṁ ar biṫ i dtimċeall‐ġearraḋ ná i neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ aċt oiread: aċt aṁáin san gcreideaṁ oibriġeas tré ġráḋ.


Agus is é mo ġuiḋe go méadóċar ḃur ngráḋ go mór i n‐eolas agus i ngaċ saġas tuigseana;


mar sin de, le méid an ċeana do ḃí againn oraiḃ, ba ṁian linn, ní h‐é soiscéal Dé aṁáin do roinnt liḃ, aċt ár n‐anamanna féin, leis, toisc gurḃ an‐ionṁain linn siḃ‐se.


I ndeireaḋ scéil, a ḃráiṫre, atáimíd g‐á ċur d’impiḋe agus d’aṫċuinġe oraiḃ san Tiġearna Íosa, fá mar d’ḟoġlaim siḃ uainne cionnas ba ċeart daoiḃ siuḃal ċum taiṫneaṁ do ṫaḃairt do Ḋia, fá mar tá siḃ do ḋéanaṁ, dul i ḃfeaḃas níos fearr ’ná ariaṁ.


Féaċaiḋ ċuige naċ dtiuḃraiḋ aoinneaċ an t‐olc i n‐éiric an uilc d’aon duine; aċt leanaiḋ i gcóṁnaiḋe do’n ṁaiṫ eadraiḃ féin agus i dtaoḃ an uile ḋuine.


Is dual dúinn buiḋeaċas do ṫaḃairt go síor, do Ḋia ar ḃur son‐sa, a ḃráiṫre, mar is cuiḃe, de ḃriġ go ḃfuil ḃur gcreideaṁ ag dul i neart, agus gráḋ gaċ duine agaiḃ d’á ċéile ag méadú go mór;


Is ó’n áirde ṫuas atá gaċ deaġ‐ṫaḃartas agus gaċ tíoḋlacaḋ iomlán, ag teaċt anuas ó Aṫair na soillse, naċ dtagann claoċloḋ ar biṫ air, ná aṫrú ó ṡolas go dorċadas.


agus diaḋaċt le foiḋne; agus gráḋ bráṫarḋa le diaḋaċt; agus caon‐ċarṫannaċt le gráḋ bráṫarḋa.


Aċt biḋiḋ ag fás i ngrása agus i n‐eolas ár dTiġearna agus ár Slánuiġṫeora Íosa Críost. Dó‐san go dtugtar an ġlóir anois agus go síorraiḋe. Amén.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ