Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Chum na dTesaloníceach 3:10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 ag guiḋe go díoġraiseaċ dúinn d’oiḋċe agus de ló go ḃfeicfimíd ḃur n‐aġaiḋ, agus go gcuirfimíd bárr ar a ḃfuil i n‐easnaṁ ar ḃur gcreideaṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

10 Dá íarruiḋ daṫċuinġe go ro ḋiṫċiollaċ do ló agus doiḋċe ḃur naġuiḋ dfaicsin, agus uireasḃuiḋ ḃur gcreidiṁ do leasuġad?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Chum na dTesaloníceach 3:10
19 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

agus do ḃí sí ’n‐a baintreaḃaiġ le ceiṫre bliaḋna agus ceiṫre fiċid; níor imṫiġ sí ó’n teampall, aċt í ag aḋraḋ d’oiḋċe agus de ló le troscaḋ agus le h‐urnaiġṫiḃ.


go ḃfuil ár ndá ṫreiḃ déag ag súil leis, ag déanaṁ seirḃíse do Ḋia go dúṫraċtaċ, de ló agus d’oiḋċe. Agus is i dtaoḃ an dóċais seo, a rí, go ḃfuil na h‐Iúdaiġ ’gam’ ċionntú!


Agus leis an dóċas so ba ṁian liom teaċt ċugaiḃ roiṁe seo, ċum go ḃfaiġeaḋ siḃ breis áṫais; agus imṫeaċt uaiḃ isteaċ san Maiceadóin,


Ní h‐é go ndéanaimíd máiġistreaċt ar ḃur gcreideaṁ, aċt go ḃfuilmíd ag cur le n‐ḃur n‐áṫas; óir is tré ċreideaṁ ṡeasas siḃ.


I ndeireaḋ scéil, a ḃráiṫre, slán agaiḃ. Biḋiḋ foirḃṫe, bíoḋ meisneaċ agaiḃ; biḋiḋ ar aon intinn le ċéile; cóṁnuiġiḋ i síoṫċáin: agus fanfaḋ Dia an ġráḋa agus na síoṫċána agaiḃ.


Óir bíonn luṫġáir orainn nuair ḃímíd lag, agus siḃ‐se ḃeiṫ láidir: agus is é rud ġuiḋmíd, siḃ‐se ḃeiṫ foirḃṫe ar fad.


Agus ó táim cinnte ḋe sin, atá a ḟios agam go ḃfanfad agaiḃ‐se uile, ċum siḃ do ċur ar aġaiḋ,


Is eisean ḟoillsiġmíd, ag spreagaḋ gaċ uile ḋuine, ċum gaċ uile ḋuine do ṫaḃairt iomlán i gCríost.


Epafras, duine ḋíḃ féin, seirḃíseaċ Íosa Críost, beannuiġeann seisean daoiḃ, agus é ag spairn gan stad ’n‐a urnaiġṫiḃ ar ḃur son, g‐á ġuiḋe go seasfaiḋ siḃ go diongḃálta, lán‐dearḃṫa de ṫoil Dé.


Anois go seolaiḋ Dia féin agus ár nAṫair, agus ár dTiġearna Íosa ar ár mbealaċ ċugaiḃ sinn:


Ċuige sin bímíd ag guiḋe gan stad ar ḃur son, ċum go measaiḋ ár nDia gur fiú siḃ ḃur ngairm, agus go gcóiṁlíonaiḋ sé gaċ deaġ‐rún ċum maiṫeasa agus gaċ gníoṁ creidiṁ le n‐a ċuṁaċt,


Do‐ḃeirim buiḋeaċas le Dia, d’á ndéanaim seirḃís le coinsias glan, fá mar rinne mo ṡinnsir, go mbím ag síor‐ċuiṁneaṁ ort im’ urnaiġṫiḃ d’oiḋċe agus de ló,


Aċt, ar an am céadna ullṁuiġ lóistín dom: óir atá súil agam go mbronnfar mé oraiḃ de ḃárr ḃur n‐urnaiġṫe.


Do ḃí sé sciaṫáin ag gaċ ceann de na h‐ainṁiḋṫiḃ, agus ’n‐a dtimċeall, agus taoḃ istiġ ḋíoḃ atá siad lán de ṡúiliḃ: agus ní ṫostann siad de ló ná d’oiḋċe, aċt iad g‐á ráḋ, Naoṁṫa, naoṁṫa, naoṁṫa, Tiġearna Dia Uile‐ċuṁaċtaċ, do ḃí ann, agus atá ann, agus atá ag teaċt.


Uime sin is eaḋ ḃíonn siad os cóṁair riġ‐ċaṫaoireaċ Dé; agus bíonn siad ag déanaṁ seirḃíse ḋó de ló agus d’oiḋċe ’n‐a ṫeampall: agus an té atá ’n‐a ṡuiḋe san riġ‐ċaṫaoir, cuṁdóċaiḋ sé fá n‐a ṗailiún iad.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ