Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Chum na dTesaloníceach 2:9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Óir is cuiṁin liḃ, a ḃráiṫre, an saoṫar agus an duaḋ fuaramar: ag obair d’oiḋċe agus de ló, ċum naċ mbéimís mar ualaċ ar aon duine agaiḃ, do ṡeanmóruiġeamar soiscéal Dé ḋaoiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Oír as cúiṁain liḃ, a ḋearḃráiṫre, ar sáoṫairne agus ar nanṡóġ: óir ar mbeiṫ ḋúinn ag déunaṁ sáoṫair do ló agus doiḋċe, deagla ar dtruim do léigean ar éunduine aguiḃse, do rinneamar soisgéul Dé do ṡeanmóir ḋaóiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Chum na dTesaloníceach 2:9
35 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus an aṁlaiḋ naċ n‐agarfaiḋ Dia cruaḋ‐ċás a ṁuinntire toġṫa féin ḃíos ag glaoḋaċ air de ló agus d’oiḋċe?


agus do ḃí sí ’n‐a baintreaḃaiġ le ceiṫre bliaḋna agus ceiṫre fiċid; níor imṫiġ sí ó’n teampall, aċt í ag aḋraḋ d’oiḋċe agus de ló le troscaḋ agus le h‐urnaiġṫiḃ.


agus ṫáinig sé ċuca‐san; agus, toisc é ḃeiṫ ar aon ċeárd leo, d’ḟan sé aca, agus d’oibriġ sé ’n‐a ḃfoċair, óir ba ḋéantóirí pailliún iad de réir ceirde.


Aċt ní h‐é m’anam is cás liom, mar ḃéaḋ cion agam air, aċt go gcóiṁlíonfad mo ċúrsa, agus an ṁiniostrálaċt fuaras ó’n Tiġearna Íosa soiscéal grása Dé do ċraoḃscaoileaḋ.


D’á ḃriġ sin biḋiḋ ag faire, agus taḃraiḋ ċum ḃúr gcuiṁne nár scuireas de lá ná d’oiḋċe, ar feaḋ trí bliaḋan de ṫeagasc do ṫaḃairt daoiḃ le deoraiḃ.


Pól seirḃíseaċ Íosa Críost, do glaoḋaḋ ċum ḃeiṫ ’n‐a abstal, do cuireaḋ ar leiṫ le h‐aġaiḋ soiscéil Dé,


an grás ó Ḋia tugaḋ ḋom, go mbéinn im’ ṁinistir ag Íosa Críost ċum na gCineaḋaċ, ag miniostrálaċt soiscéil Dé, ċum go mbéaḋ na Cineaḋaiġ ’n‐a n‐íoḋbairt ṫaiṫneaṁaiġ, agus naoṁuiġṫe ṫríd an Spiorad Naoṁ.


tré ḃriġ an Spioraid Naoiṁ; ar ċuma gur ċraoḃscaoileas soiscéal Ċríost ’n‐a iomláine ó Iarúsalem, agus ṫart ’n‐a ṫimċeall ċóṁ fada le h‐Illiricum;


bímíd ag obair go dian le n‐ár láṁaiḃ féin: nuair masluiġtear sinn, do‐ḃeirimíd beannaċt; nuair do‐ġnítear géirleanṁain orainn, fulaingmíd leis;


Aċt níor ḃaineas‐sa feiḋm as niḋ ar biṫ ḋíoḃ sin: agus ní le súil go mbéaḋ éinniḋ d’á ṫairḃe agam atáim ag scríoḃaḋ ’n‐a ṫaoḃ so: óir do b’ḟearr liom bás d’ḟáġáil ’ná go ndéanfaḋ aoinneaċ neiṁniḋ de’n aḋḃar maoiḋṁeaċais seo agam.


Céard í mo luaiġeaċt mar sin? An soiscéal ċraoḃscaoilim do ṫaḃairt i n‐aisce, gan fóġnaṁ do ḋéanaṁ dem’ ċeart san tsoiscéal.


i saoṫar agus i gcruaḋtan, i ḃfaireaċán go minic, i dtroscaḋ go minic, fá ocras agus fá lomnoċtaiġe.


agus nuair do ḃíos ’n‐ḃur láṫair, agus mé i ngáḃatar, ní raḃas mar ualaċ ar aon duine; óir na bráiṫre, ag teaċt ó’n Maiċeadóin dóiḃ, ṫugadar dom gaċ a raiḃ i n‐éasnaṁ orm; agus ar gaċ sliġe do ċoisceas mé féin ar ḃeiṫ mar ualaċ oraiḃ, agus coiscfead.


i gcruaḋtan, i riaċtanas, i ngéiḃeann, i mbuilliḃ, i bpríosúnaiḃ, i n‐aċrannaiḃ, i ndian‐tsaoṫar, i ḃfaireaċán, i dtroscaiḋiḃ;


aċt siḃ‐se aṁáin; óir i dTesaloníca féin dom do ċuir siḃ congnaṁ ċugam uair nó dó le h‐aġaiḋ mo riaċtanais.


ag síor‐ċuiṁneaṁ ar ḃur ngníoṁarṫaiḃ creidiṁ, agus ar ḃur saoṫar carṫannaċta, agus ar ḃur ndóċas foiḋneaċ as ár dTiġearna Íosa Críost, i ḃfiaḋnaise ár nDé agus ár nAṫar.


aċt tar á éis dúinn fulang roiṁe sin, agus masla náireaċ d’ḟáġáil i ḃFilipí, mar tá a ḟios agaiḃ, gur éiriġeamar dána ’n‐ár nDia ċum soiscéal Dé do ṡeanmórú ḋaoiḃ i lár toirmisc ṁóir.


ná ní raḃamar ag lorg urrama ó ḋaoiniḃ, ná uaiḃ‐se, ná ó ḋaoiniḃ eile, bíoḋ gurḃ ḟéidir linn ḃeiṫ go h‐uġdarásaċ, mar abstail Ċríost.


ag guiḋe go díoġraiseaċ dúinn d’oiḋċe agus de ló go ḃfeicfimíd ḃur n‐aġaiḋ, agus go gcuirfimíd bárr ar a ḃfuil i n‐easnaṁ ar ḃur gcreideaṁ.


do réir soiscéil glóire an Dé ḃeannuiġṫe atá curṫa fá mo ċúram‐sa.


Óir ċuige sin is eaḋ atáimíd ag saoṫrú agus ag spairn, toisc ár muiniġin ḃeiṫ againn as an Dia beo, slánuiġṫeoir na ndaoine uile, an méid aca ċreideas, go mór‐ṁór.


Bean atá ’n‐a baintreaḃaiġ dá ríriḃ, agus í fágṫa ’n‐a h‐aonar’ cuireann sí a muiniġin as Dia, agus leanann sí d’aṫċuinġeaċaiḃ agus d’urnaiġṫiḃ d’oiḋċe agus de ló.


Do‐ḃeirim buiḋeaċas le Dia, d’á ndéanaim seirḃís le coinsias glan, fá mar rinne mo ṡinnsir, go mbím ag síor‐ċuiṁneaṁ ort im’ urnaiġṫiḃ d’oiḋċe agus de ló,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ