Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Chum na dTesaloníceach 2:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 ’g‐ár gcosc ar laḃairt leis na Cineaḋaċaiḃ ċum iad do ṡlánú; ag méadú a bpeacaiḋe de ṡíor; aċt atá ḋíḃeirg tagṫa go h‐iomlán orṫa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

16 Ag toirmeasg oruinne laḃairt ris na Cineaḋaċuiḃ ċum a slánuiġṫe, ċum ḃeiṫ ḋóiḃ ag sirlíonaḋ a bpeacuiġiḃ: óir táinic a nfearg orrṫa go síorruiḋe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Chum na dTesaloníceach 2:16
52 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Annsin imṫiġeann sí, agus beireann sí léi seaċt spioraidí eile is measa ’ná í féin, agus, téiġeann siad isteaċ, agus cóṁnuiġeann siad ann: agus is aindeise an duine sin ar deireaḋ ’ná ar dtús. Agus is mar sin ḃéas an scéal ag an droċ‐ṡlioċt so.


Líonaiḋ‐se, mar sin, tóṁas ḃúr sinnsear.


Agus craoḃscaoilfear an soiscéal so na ríoġaċta ar fud an doṁain uile mar ḟiaḋnaise do na ciniḋeaċaiḃ go léir; agus annsin tiocfaiḋ an deireaḋ.


Agus do‐ċluinfiḋ siḃ tráċt ar ċogaiḋiḃ agus ráflaí ar ċogaḋ: féaċaiḋ ċuige naċ dtiocfaiḋ buaiḋirt aigne oraiḃ: óir caiṫfiḋ na neiṫe sin do ṫeaċt ċum críċe; aċt ní ḟuil an deireaḋ ann fós.


agus glanfaiḋ sé a urlár buailte, agus baileoċaiḋ sé a ċuid cruitneaċtan isteaċ sa scioból; agus loiscfiḋ sé an ċáiṫ le teiniḋ naċ féidir do ṁúċaḋ.


An té ċreidfeas agus baistfear, saorfar é; aċt an té naċ gcreidfiḋ, daorfar é.


Aċt nuair do ċonnaic na h‐Iúdaiġ na sluaiġte, do líonadar d’éad, agus do ċuireadar i gcoinniḃ na neiṫe do laḃair Pól, agus ṫugadar masla ḋó.


Aċt do spreag na h‐Iúdaiġ na mná onóraċa diaḋa, agus uaisle na caṫraċ, agus do ġríosadar géirleanaṁain i n‐aġaiḋ Ṗóil agus Ḃarnabais, agus ruaigeadar as a ndúṫaiġ amaċ iad.


Aċt ṫáinig Iúdaiġ go dtí an áit sin ó Antuaiġ agus ó Icónium, do spreag na daoine, agus do ġaḃ de ċloċaiḃ ar Ṗól, agus do ṫarraingt amaċ as an gcaṫair é, mar ba ḋóiġ leo go raiḃ sé marḃ.


Aċt na h‐Iúdaiġ do ḃí díċreideaṁnaċ, do ġríosadar na Cineaḋaiġ, agus do ṁúscladar mioscais ’n‐a h‐inntinn do na bráiṫreaċaiḃ.


Agus nuair d’éiriġ droċ‐ḟuadar fá na Cineaḋaċaiḃ agus fá na h‐Iúdaċaiḃ mar aon le n‐a riaġlóiriḃ, ċum droċ‐íde do ṫaḃairt orṫa, agus gaḃáil de ċloċaiḃ orṫa, do ċonnacṫas dóiḃ é,


Aċt nuair fuair na h‐Iúdaiġ i dTessaloníca fios scéil go raiḃ Pól ag craoḃscaoileaḋ briaṫair Dé i mBeréa, leis, ṫáinig siad annsin mar an gcéadna, ag gríosaḋ agus ag saiġdeaḋ na ndaoine.


Aċt do ḃí cuid aca d’éiriġ dúr agus easuṁal, ag laḃairt go h‐olc i dtaoḃ na Sliġe os cóṁair an tsluaiġ, agus d’imṫiġ sé uaṫa, agus do ḋealuiġ sé na deisceabail uaṫa, ag argóint go laeṫeaṁail i scoil Ṫurannuis.


agus do h‐inniseaḋ ḋóiḃ id’ ṫaoḃ‐sa, go ḃfuilir g‐á ṁúineaḋ do na h‐Iúdaċaiḃ go léir atá i measc na gCineaḋaċ Maois do ṫréigean, g‐á ráḋ leo gan a gclann do ṫimċeall‐ġearraḋ, ná leanaṁain de na sean‐ċleaċtaiḃ.


Agus le h‐éirġe lae, ṫáinig na h‐Iúdaiġ i gceann a ċéile, agus do ḋearḃuiġeadar fá ḃriġ na mionn, g‐a ráḋ naċ n‐íosfaidís ná naċ n‐ólfaidís nó go mbéaḋ Pól marḃ aca.


Agus d’aontuiġ na h‐Iúdaiġ mar an gcéadna leis, g‐á ráḋ go raiḃ an méid sin fíor.


Agus ṫug uaċtaráin na sagart agus uaisle na nIúdaċ scéala i gcoinniḃ Ṗóil dó; agus d’impiḋeadar air,


Agus nuair ṫáinig seisean, na h‐Iúdaiġ ṫáinig ó Iarúsalem, do ṡeasadar ’n‐a ṫimċeall, ag cur a lán neiṫe trom ’n‐a leiṫ, nár ḟéadadar a gcroṫú;


Agus ní ḟuil slánú le fáġáil i n‐aoinneaċ eile: óir ní ḟuil aon ainm eile fá neaṁ tugaḋ do ḋaoiniḃ le n‐ar ḃ’ḟéidir ár slánú.


Agus nuair ḃí mórán laeṫe imṫiġṫe, do ġlac na h‐Iúdaiġ cóṁairle a ċéile go marḃóċaidís é:


fá mar iarraim‐se sásaṁ do ṫaḃairt do gaċ duine ins an uile niḋ, gan cuiṁneaṁ ar mo ṫairḃe féin, aċt ar ṫairḃe farasbáirr na ndaoine, ċum go slánóċar iad.


Aċt im’ ṫaoḃ‐sa, a ḃráiṫre, má táim ag fógraḋ an timċeall‐ġearrṫa fós, cad ċuige a ḃfuil géirleanaṁain d’á déanaṁ orm fós? Ins an gcás sin atá deireaḋ déanta de ċeap tuisliḋ na croise.


D’á ḃriġ sin iarraim oraiḃ gan dul i laige mar ġeall ar mo ṗiantaiḃ ar ḃur son: is iad ḃur nglóir iad.


Dáṁ‐sa, atá níos luġa ’ná an té is luġa de na naoṁaiḃ go léir, tugaḋ an grása so, ċum saiḋḃreas do‐ċuarduiġṫe Ċríost do ṡeanmorú do na Cineaḋaċaiḃ;


agus ċum ḃeiṫ ag feiṫeaṁ le teaċt a Ṁic ó neaṁ, an té do ṫóg sé ó na marḃaiḃ, Íosa ḟuasclas ó’n díḃeirg atá le teaċt sinn.


agus le gaċ ceilg dá gcuireann an cuirpṫeaċt ar an dream d’á ḃfuil an scrios i ndán; toisc nár ġlacadar gráḋ na fírinne, ċum go slánóċaiḋe iad.


gur mian leis go slánuiġtiḋe na daoine uile agus go ḃfaiġdís lán‐eolas ar an ḃfírinne.


aċt má ḃeireann sé driseaċ agus feoċadáin, baintear deireaḋ dúile ḋe; tá sé i mbaoġal a ṁalluiġṫe, agus is é a ḋeireaḋ a loscaḋ.


An té do‐ġní an éagcóir, déanaḋ sé an éagcóir i gcóṁnaiḋe: an té atá neaṁ‐ġlan, fanaḋ sé neaṁ‐ġlan i gcóṁnaiḋe: agus an té atá fíréanta agus an té atá naoṁṫa, déantar é naoṁṫa i gcóṁnaiḋe.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ