Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Chum na dTesaloníceach 2:15 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 do ṁarḃuiġ an Tiġearna Íosa agus na fáiḋe, agus do ruaig amaċ sinne, agus naċ dtaiṫneann le Dia, agus atá i n‐aġaiḋ an uile ḋuine;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

15 Noċ fós do ċuir an Tiġearna Iósa ċum báis, agus na fáiḋe do ḃí aca féin, agus do tinne gérleanṁuin oruinne; agus naċ dtaitneann ré Día, agus atá conntrárrḋa do na huile ḋaóiniḃ:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Chum na dTesaloníceach 2:15
21 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

A Iarúsalem, a Iarúsalem, a ṁarḃas na fáiḋe, agus ġaḃas de ċloċaiḃ orṫa‐san curtar ċugat! cad é a ṁiniciġe do b’áil liom do ċlann do ḃailiú ċugam, fá mar ḃailiġeas an ċearc a h‐ál fá n‐a sciaṫánaiḃ, agus níorḃ áil liḃ é!


Agus d’ḟreagair na daoine go léir, Orainn féin agus ar ár gclainn a ċuid fola!


Bíoḋ áṫas oraiḃ agus lúṫġáir, mar is mór é ḃúr luaċ saoṫair ar neaṁ; óir ar an gcuma ċéadna is eaḋ do ciapaḋ na fáiḋe ṫáinig róṁaiḃ.


agus cionnas ṫug na h‐árd‐ṡagairt agus ár n‐uaċtaráin ar láiṁ é le n‐a ḋaoraḋ ċum báis, agus do ċéasadar é.


Agus ar n‐a ḟeicsin dó gur ṫaiṫniġ sin leis na h‐Iúdaċaiḃ, do ċinn sé ar Ṗeadar do ġaḃáil, leis. Agus laeṫe an aráin gan laiḃín do ḃí ann.


tugaḋ suas é de réir cóṁairle cinnte agus réiṁ‐eolais Dé, agus do ċroċaḃair‐se agus do ṁarḃaḃar é le láiṁ cuirpṫeaċ:


agus do ṁarḃaḃar Uġdar na beaṫaḋ; do ṫóg Dia ó na marḃaiḃ; go ḃfuilmíd ’n‐ár ḃfiaḋnaiṫiḃ air.


bíoḋ a ḟios agaiḃ go léir, agus ag pobal Israel go léir, gur i n‐ainm Íosa Críost Nasarḋa, an té do ċroċaḃair‐se, an té do ṫóg Dia ó na marḃaiḃ, gur ’n‐a ainm‐sean atá an duine seo ’n‐a ṡeasaṁ slán os ḃúr gcóṁair.


Do ṫóg Dia ár sinnsear Íosa suas; an té do marḃaḃair‐se g‐á ċroċaḋ ar ċrann.


Cia aca de na fáiḋiḃ naċ ndearna ḃúr sinnsir géir‐leanaṁain air? agus do ṁarḃadar iad‐san d’ḟógair roiṁ ré teaċt an Ḟíréin úd; go ḃfuil siḃ‐se ’n‐ḃúr mbraṫadóiriḃ agus ’n‐ḃúr ndúnṁarḃṫóiriḃ aige;


Aċt ní raiḃ Dia sásta leis an gcuid ba ṁó díoḃ; mar treascaraḋ iad san ḃfásaċ.


go minic ar turasaiḃ, i ngáḃaḋ aiḃne, i ngáḃaḋ ó ġadaiḋṫiḃ, i ngáḃaḋ óm’ ċineaḋ féin, i ngáḃaḋ ó na Págánaċaiḃ, i ngáḃaḋ i mbailtiḃ móra, i ngáḃaḋ san ḃfásaċ, i ngáḃaḋ mara, i ngáḃaḋ i measc bráṫar bréige;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ