Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Chum na dTesaloníceach 1:6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Agus do rinneaḃar aiṫris orainne agus ar an Tiġearna, ó ġlacaḃar an briaṫar i ndóġrainn ṁóir, le h‐áṫas an Spioraid Naoiṁ;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Agus do rinneaḋ luċd leanṁana ḋúinne, agus don Tíġearna ḋíḃ, ar ngaḃáil na breiṫre ċuguiḃ a mbuáiḋirt ṁóir, maille ré gairdeaċas an Sbiorad Naóiṁ:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Chum na dTesaloníceach 1:6
33 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Annsin aduḃairt Íosa le n‐a ḋeisceablaiḃ, Má’s mian le h‐aoinneaċ teaċt im’ ḋiaiḋ‐se, diúltaḋ sé ḋó féin, agus tógaḋ sé a ċros, agus leanaḋ sé mise.


Annsin do laḃair Íosa leo arís, g‐á ráḋ, Is mise solas an doṁain, an té leanas mé ní siuḃalfaiḋ sé i ndorċadas, aċt béiḋ solas na beaṫaḋ aige.


Agus do líonaḋ na deisceabail de ġáirdeaċas agus de’n Spiorad Naoṁ.


Agus d’imṫiġeadar‐san as láṫair na h‐árd‐ċóṁairle, agus aṫás mór orṫa de ċionn gur measaḋ gurḃ ḟiú iad easonóir d’ḟulang ar son an Ainme.


Agus do ḃí síoṫċáin ag an eaglais ar fud Iúdaea, agus ar fud na Galilé agus Samária, ḃí beannaċt uirṫi; agus í ag dul i méid, ag gluaiseaċt i n‐eagla an Tiġearna, agus an Spiorad Naoṁ ag neartú léi.


Anois go líonaiḋ Dia an dóċais siḃ de gaċ áṫas agus de gaċ síoṫċáin san gcreideaṁ, ċum go mbéiḋ siḃ féin lán de ḋóċas, tré ċumaċt an Spioraid Naoiṁ.


Déanaiḋ aiṫris orm‐sa, mar ḋéanaim féin aiṫris ar Ċríost.


Anois molaim siḃ de ḃriġ go mbíonn siḃ ag cuiṁneaṁ orm san uile niḋ, agus de ḃriġ go ḃfuil siḃ ag coiṁeád na ngnás fá mar ṫugas daoiḃ iad.


Aṫċuinġim oraiḃ, d’á ḃriġ sin, mo lorg‐sa do leanaṁain.


mar ḋaoine brónaċa, aċt ag déanaṁ áṫais i gcóṁnaiḋe; mar ḋaoine boċta, aċt ag bronnaḋ saiḋḃris ar a lán; mar ḋaoine naċ ḃfuil rud ar biṫ aca, aċt gur leo gaċ uile rud.


agus sin, ní h‐é mar ḃíomar ag súil leis, aċt ar dtús go dtugadar iad féin do’n Tiġearna, agus dúinne de ṫoil Dé.


Aċt is é toraḋ an Spioraid, gráḋ, aoiḃneas, síoṫċáin, fád‐ḟulang, muinntearas, maiṫeas, dílse,


D’á ḃriġ sin déanaiḋ‐se aiṫris ar Ḋia, mar ḋéanfaḋ a ċlann ionṁain féin;


A ḃráiṫre, déanaiḋ‐se aiṫris orm‐sa i n‐éinḟeaċt le ċéile, agus coiṁeádaiḋ súil orṫa‐san leanas do réir an tsompla do‐ḃeirimíd daoiḃ.


ionnas go ḃfuilmíd féin ag maoiḋeaṁ asaiḃ i n‐eaglaisiḃ Dé as uċt ḃur ḃfoiḋne agus as uċt ḃur gcreidiṁ i lár gaċ géirleanaṁna agus anró ḟulaingeas siḃ.


Óir is eol daoiḃ féin cionnas ba ċeart daoiḃ aiṫris do ḋéanaṁ orainne: óir níor iomċaramar sinn féin go fallsa ’n‐ḃur measc;


Ní h‐é nárḃ é ár gceart é, aċt ċum sompla do ṫaḃairt daoiḃ, ċum go ndéanfaḋ siḃ aiṫris orainn.


déan an briaṫar do ċraoḃ‐scaoileaḋ; bí go díoġrasaċ i dtráṫ agus i n‐ántráṫ; bí ag spreagaḋ, ag smaċtaḋ, ag gríosaḋ le gaċ ceannsaċt agus le gaċ teagasc;


Óir ṫug siḃ truaġ do na daoiniḃ do ḃí i ngeiṁleaċaiḃ, agus do ġlac siḃ go fonnṁar le creaċaḋ ḃur maoine, agus a ḟios agaiḃ go ḃfuil maoin is fearr ’ná sin ionnaiḃ féin, maoin ṡíorḃuan.


Niḋ is eaḋ é do‐ḃeir aḋḃar gáirdeaċais daoiḃ, bíoḋ, má’s gáḃaḋ é, go ḃfuil atuirse ar feaḋ tamaill oraiḃ mar ġeall ar ċaṫuiġṫiḃ éagsaṁla;


an té d’á dtugaḃar gráḋ, giḋ naċ ḃfacaḃar é; ag creideaṁain daoiḃ ann, gan a ḟeicsin fós, atá siḃ ag déanaṁ gáirdeaċais le h‐áṫas do‐inniste, lán de ġlóir;


Agus cia h‐é ḋéanfas doċar daoiḃ, má leanann siḃ go díċeallaċ de’n ṁaiṫ?


A ċara ionṁain, ná déan aiṫris ar an olc, aċt ar an ṁaiṫ. An té ċleaċtas an ṁaiṫ, is ó Ḋia atá sé: an té ċleaċtas an t‐olc, ní ḟaca sé Dia.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ