Agus a duḃairt sé, Bíoḋ sin a ḃfad uannsi, a ṪIĠEARNA, go ndéanuinn so: naċ í so fuil na ndáoine do ċuáiḋ a nguais a nanma? uime sin níor ḃáill leis a ól. Do rinneadar an triúrsa dfearuiḃ gaisgeaṁla na neiṫesi.
Do ḃríġ na Ccaldeánaċ: óir do ḃádar eaglaċ rompa, do ḃríġ gur ṁarḃ Ismael ṁac Netaniah Gedaliah ṁac Ahicam, noċ da ndeárna ríġ na Babilóine úaċdarán annsa tír.
Ġa ráḋ, Ní heaḋ; aċt raċam go críċ na Hégipte, mar naċ ḃfaicfiom cogaḋ ar biṫ, agus naċ ccluinfiom fuáim an stuic, agus naċ ḃfuiġiom ocras aráin; agus coiṁneoċam annsin:
Annsin tiucfuiḋ a ccríċ, an cloiḋeaṁ, roiṁe a raiḃ ḃur neagla, go mbéara sé oruiḃ a ttír na Hégipte; agus an ġorta, re a ḃfuil eagla oruiḃ, go leanfuiḋ sé go lúaṫ siḃ don Négipt; agus éugfuiḋe ann sin.
¶ Agus táinic aingeal ón TTIĠEARNA, agus dó ṡuiġ fáoi ḋaruiġ noċ do ḃí ann Oṗrah, noċ ba lé Ioas an Tabí‐esríteaċ: agus do ḃí a ṁac Gidéon ag búalaḋ cruineaċda láiṁ ré hionad brúite an nfíona, ḋá ḟolaċ ar na Midianaċaiḃ.