Aċt a núair do ċúaluiḋ Sanballat an Horoniteaċ, agus Tobiah an serḃḟoġantuiġ, Ammoniteaċ, agus Gessem an Tarábianaċ, sin, do ġáireadar go tarcuisneaċ fúinn, agus ṫugadar neiṁċion oruinn, agus a duḃradar, Cred é an ní si do niṫi? an raċfuiḋ a gceannairc a naġaiḋ an ríġ?
Aċt na húaċdarain do ḃí roṁam do ḃádar costasaċ don ṗobal, agus do ġlacadar arán agus fíon úaṫa, táoḃ a muiġ do ċeaṫraċad secel airgid; do ḃí fós, agá ṡerḃíseaċaiḃ ríaġuil ós cionn an ṗobail: aċt ní ḋéarnuiḋ misi marsin, ar eagla Dé.
Oír ní ḃiáiḋ truáiġe agamsa ní is mó dáitreaḃṫaċaiḃ na tíre, a deir an TIĠEARNA: aċt, féuċ, seaċoduiġ mé na daóine gaċ aon fa leiṫ a láiṁ a ċoṁarsan, agus a láiṁ a ríġ: agus buailfid síad an tír, agus ní ṡaórfa mé as a láiṁ íad.