Agus a duḃradarsan, da dearḃraṫair ḋeag atáid do ṡerḃisiġ, mic éanduine aṁain a ttír Ċánaain; agus, féuċ, atá an mac as óige a ḃfoċair ar naṫár, agus áon naċ ḃfuil.
Agus a duḃairt Iacob a naṫair ríu, Do ḃeanaḃair mó ċlann díom, ní ḃfuil Ióseṗ ann, agus ni ḃfuil Simeon, agus béurṫáoi Beniamin uáim: ataid na neiṫesi uile am aġuiḋ.
Agus cred fá naċ maiṫeann tú mo ṗeacaḋ, agus méaicceart do ċur ar ccúl? óir coideoluiḋ mé a nois annsa luáiṫreaḋ; agus íarrfa tusa mé ar maidin, aċt ní ḃía mé.
Ní ċláonfa tú, ṫú féin síos dóiḃ, nimo seirḃís do ḋeanaṁ dóiḃ: oír misi an TIĠEARNA do Ḋía, is Día éadṁar mé, ṫig dféaċuim ṗeacuiḋ na naiṫreaḋ ar an gcloinn, gus an treas agus an ceaṫraṁaḋ glún don druing ḟuaṫuiġeas mé;
Ann sin a déara tú ríu, Do ḃríġ gur ṫréigeadar ḃur naiṫre mé, a deir an TIĠEARNA, agus gur ṡlúḃluiġeadar a ndiáiġ dée oile, agus gur aḋradar ḋóiḃ, agus gur onóruiġeadar íad, agus gur ṫréigeadar misi, agus nar ċoiṁéadadar mo ḋliġeaḋ;
Agus go ndearnaḃairsi ní as measa náid ḃur naiṫre; óir, féuċ, siúḃluiġ gaċ uile ḋuine aguiḃ do réir smuáiniġ a droċċroiḋe féin, ċor naċ féidir léo éisteaċd riomsa:
¶ Is marso a deir an TIĠEARNA; Do ċlós gúṫ ann Rámah, cáoi, agus gul géur; Raċel ag caóineaḋ a cloinne do ḋiúlt si coṁfortaċt ar son a cloinne, do ḃríġ naċ raḃad ann.
Cred is cíall diḃ, as a ngnáṫuiġṫi an seanráḋso a ttáoḃ ṫire Israel, ag ráḋ, A dúadar na haiṫre cáora searḃa, agus do cuireaḋ déistion air ḟíacluiḃ na cloinne?
Atú an TIĠEARNA fad‐ḟuilingeaċ, agus mórṫrócaireaċ, ag maiṫeaṁ éacceart agus péacaiḋ, agus gan an ciontaċ do ṡáoraḋ ar éanċor, ag aiṫḃear péacaiḋ na naiṫreaḋ ar an ccloinn go nuige an treas agus an ceaṫraṁaḋ glún.