Ann sin do ḃí eagla orra le húaṁan, mar naċ raiḃ eagla: óir do spréiḋ Día a ċnáṁasan noċ do rinne campa ad aġaiḋsi: do náiriġ tú íad, do ḃríġ gur ḋíult Día íad.
Ar ṫréig tú Iúdah ṫríd amaċ? ar ḟúaṫaiġ hanam Sion? cred fár ḃuáil tú sinn, agus gan ċaḃair ar ḃiṫ oruinn? do ḃi súil aguinn re síoṫċáin, agus ní ḃfuil maiṫ ar biṫ annsin; agus re ham tárṫála, agus féuċ búaiḋreaḋ!
¶ Geárr ḋiot do ġruág, a Ierusalem, agus teilg uait í, agus toig súas caóineaḋ ar áitiḃ árda; óir do ṫarcuisniġ an TIĠEARNA agus do ṫréig sé ginealaċ a ḟeirge.
Atá úallaċus ann do ṡalċar: do ḃríġ gur ġlan misi ṫú, agus naċ raiḃ tú glan, ní glanfuiġear ód ṡalċar ṫú ní sa ṁó, nó go ttuga misi air mo ḋioġaltas socruġaḋ ort.
Annsin a dúḃairt sé riomsa, A ṁic an duine, isíad na cnáṁaso tiġ Israel go hiomlán: féuċ, a deirid síad, Do tiormuiġeaḋ ar ccnáṁa, agus do cailleaḋ ar ndóṫċus: air ar soinne do gearraḋ amaċ sinn.
¶ Agus do toirrċeaḋ a rís í, agus rug sí inġean. Agus a duḃairt Día ris, Goir Lo‐ruhamah dainm ḋi: óir ní ḃiáiḋ truáiġe agam ní sa ṁó do ṫiġ Israel; aċt cuirfiḋ mé a múġa ṫríd amaċ íad.