Atá ḃur ndúṫaiġ aonránaċ, atáid ḃur gcaiṫreaċa ar na losgaḋ le teine: millid coiṁṫiġṫiḋ ḃur ḃfearann, ionḃur laṫair, agus atá sé na ḟásaċ ar na ċláoiḋ lé coiṁiġṫeaċaiḃ.
Agus deileoċṫar ṫusa, ṫusa féin, ód óiġreaċt noċ ṫug misi ḋuit; agus do ḃéara mé ort fóġnaṁ dot náṁuid annsa tír naċ feas duit: óir do lasaḃair teine ann mfeirg loisgfios go bráṫ.
Agus iompoċṫar a ttiġe ċum daoine oile, maille re na ḃfearann agus le na mnáiḃ aráon: óir sínfiḋ mé mo láṁ amaċ ar ḋúṫċusaiḃ na tíre, a deir an TIĠEARNA.
Uimesin do ḃéara misi díoġa na ngeinteaḋ, agus sealḃoċuid síad a ttiġṫe: do ḃéara mé fós air ṗoimp na neartṁar scur; agus truáillfiġear a náite náoṁṫa.
Oír do ṡíoladar an ġáoṫ, agus beanfúid an ġáoṫ ġuáirdeain: ní ḃiáiḋ connlaċ aige: ní ṫiuḃra an coinlín min uaḋa: má ḃeir, isé an coiṁṫiġeaċ ṡluigfios súas í.
Uimesin do ḋéantar éadáil dá maóin, agus fásaċ dá ttiġṫiḃ: cuirfid fós tiġṫe súas, aċt ní áitreoċuid ionta; agus plainndeoċuid fineaṁua, aċt ní ioḃuid a fíon sin.