Anois do ḃi Tobiah an Tammoníteaċ na aice, agus a duḃairt sé, An sáoṫar sin noċ do ċuireadar súas, má ṫéid sionnaċ súas, brisfiḋ sé aṁ síos a mballa cloiċe.
Cred fár ṫairrġir tú a nainm an TIĠEARNA, ġa ráḋ, Biáiḋ an tiġso cosṁuil re Síloh, agus biáiḋ an ċaṫairsi uáigneaċ gan áitreaḃṫaċ? Agus dó ċruinniġ an pobal uile a naġaiḋ Ieremiah a ttiġ an TIĠEARNA.
Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Día Israel; Do ċoncaḃair a nuile olc ṫug misi ar Ierusalem, agus ar ċaiṫreaċaiḃ Iúdah uile; agus feuċuiḋ, a niuġ atáid síad na ḃfásaċ, agus ní áitreaḃann duine ar biṫ ionta,
Uimesin do dóirteaḋ amaċ mo ainteas agus mfearg, agus do lasaḋ í a ccaiṫreaċaiḃ Iúdah, agus a sráidiḃ Ierusalem; agus atáid na ḃfásaċ agus uáigneaċ, do réir an láe a niuġ.
Ar na sléiḃtiḃ tóigfiod súas golġáir agus gúḃa, agus ar son áitreaḃṫaċa a nfásuiġ caóineaḋ, do ḃríġ go ḃfuilid loisge, iondus naċ féidir dáon gaḃáil ṫársa, agus naċ ccluinid gúṫ na háirnéisi; do ṫeiṫ araon éunlaiṫ a naiéir agus an beaṫaċ; atáid ar nimṫeaċt.
Annois ar a naḋḃarsin, O ar Ndía, éisd guiḋe do ṡeirḃísiġ, agus a ġearáin, agus taḃair air haġaiḋ déallruġaḋ air do ṡanctóir atá áonránaċ, ar son an Tiġearna.