Oír is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Día Israel; Féuċ, do ḃéara mé fa deara do ċosc as a náitsi ann ḃur raḋarc, agus ann ḃur láeṫiḃ, gúṫ an tsúgarṫa, agus gúṫ na lúaṫġáire, gúṫ a nfir núaḋṗósta, agus gúṫ na mná núaḋṗósta.
Tuilleaṁ oile ḃéara mé úaṫa gúṫ an tsúgarṫa, agus gúṫ na lúaṫġáire, gúṫ a nfír núaḋṗósta, agus gúṫ na mná núaḋṗósta, tormán na brón muilinn, agus solus na coinnle.
Ann sin do ḃéara mé fa deara sgur ó ċaiṫreaċaiḃ Iúdah, agus ó ṡráidiḃ Ierusalem, gúṫ an tsúḃaċus, agus gúṫ na lúaṫġaire, gúṫ a nfir núaḋṗosda, agus gúṫ na mná núaḋṗósta: óir biáiḋ an dúṫaiġ na fásaċ.
Caóinid sliġṫe Ṡion, do ḃríġ naċ ttíg duine ar biṫ ċum a nféusta ṡollamonta: atáid a huile ġeataḋa uáigneaċ: osnuiġid a sagairt uile, atáid a maiġdiona píanta, agus atá sí féin a searḃus.
Suiġíd sinnsir inġine Sion air an ttalaṁ, agus bíd na ttoċd: do ṫeilgiodar luáiṫreaḋ air a cceannaiḃ; agus do ċriosluiġeadar íad féin lé saicéaḋaċ: cromaid maiġdiona Ierusalem á ccinn síos gus an ttalaṁ.
Agus aigeora mé láeṫe Ḃáalim uirre, ionar loisg sí túis dóiḃ, agus ann ar ḋeaġṁaisiġ si í féin le na clúasḟáinniḃ agus le na séuduiḃ, agus do ċuáiḋ sí a ndiáiġ a háosgráḋa, agus do ḋearmuid sí misi, a deir an TIĠEARNA.
¶ Do ḋéana tú breiṫeaṁuin agus oifigiḋ ion huile ḋoirsiḃ, do ḃeir do ṪIĠEARNA Día ḋuít, ar feaḋ do ṫreaḃ uile: agus do ḋéanuid breiṫeaṁnus air do ṗobail maille re breiṫeaṁnus ceart.
Agus ní cluinfiġṫear ionnad ní sa ṁó fuáim cláirséoraḋ, ná luċd ciúil, ná ṗíobaireaḋ, ná ṫrompóireaḋ; agus ní ḃiáiḋ éinḟear ceirde déinċeird air biṫ air faġáil ionnad ní sa ṁó, agus ní cluinfiġṫear ionnad ní sa ṁó fuáim ċloiċṫe muilinn;