Agus do ġeḃa céidġin gaċ áonduine ar feaḋ na Hégipte bás, ó ċéidġin Ṗárao noċ ṡuiḋeas ann a ċaṫaoir ríoġa, go céidġin an ċailín tserḃíse atá ar ċúl an ṁuilinn; agus ceidġin a nuile ḃeaṫaċ.
Agus tárrla fa nam sin, a nuáir do ḟás Máoisi, go ndeaċuiḋ sé amaċ mar a raḃadur a ḋearḃráiṫre, agus gur ḟéuċ sé ar a núaluiġiḃ: agus do ċonnuirc Egipteaċ ag búalaḋ Eaḃruiḋiġ, áon dá ḋearḃráiṫríḃ.
Naċ é so an trosgaḋ do ṫoġ misi? do sgaoileaḋ cuiḃreaċ a nuilc, déadtromaḋ na núalaċ trom, agus an ṁuinntir ṡaruiġte dḟuasglaḋ, agus go mbriseaḋ siḃ gaċ uile ċuiḃreaċ?
Cruinniġid an ċlann connaḋ, agus dearguid na haiṫre an teine, agus súaṫaid na mná táos, do ḋéanaṁ bairġion do ḃainríoġuin neiṁe, agus do ḋórtaḋ amaċ ofrálaċ diġe do ḋéeiḃ oile, dom ḃrostuġaḋsa ċum feírge.
¶ Aċ do ġaḃadar na Ṗilistiniġ é, agus do ḃeanadar a ṡuile as, agus rugadar síos go Gasa é, agus do ċeangladar é le boltuiġiḃ praís; agus do ḃí sé ag meilt a ttiġ an ṗríosúin.