Agus a duḃradar riom, An fuiġioll do fágḃaḋ do na braiġdiḃ anusin ansa bproḃins atáid a mbuáiḋreaḋ ṁór agus a míoċlú: do briseaḋ sios ballaḋa Ierusalem mar an gcéadna, agus do loisgeaḋ a geataḋ le teine.
¶ O a ṪIĠEARNA, atá a ḟios agad: cuiṁniġ orumsa, agus tárr dom ḟéuċuin, agus dioġail mé ar mo luċt inġreama; ná beir as mé a ḃfoiġid ḟada do ḋeaġ‐ṁéinse: bíoḋ a ḟios agad gurab ar do ṡonsa dfulaing mé masla.
Osnaġuid a daoine uile, íarruid síad arán; ṫugadar a neiṫe taitneaṁaċa ar ḃíaḋ dfurtaċt a nanma: féuċ, a ṪIĠEARNA, agus meas; óir atáimsi taircuisneaċ.
Féuċ, a ṪIĠEARNA; óir atáimsi a naindeise: atáid minniḋe a mbuáiḋirt; diompoiġ mo ċroiḋe ionnam a stiġ; óir do ċúaiḋ me a neasuṁlaċd go hiomarcaċ: marḃuiḋ an cloiḋeaṁ amuiġ, an bás a stiġ.
Atá a salċar iona sciortuiġiḃ; ní ċuiṁniġionn sí a críoċ ḋeiriḋ; uimesin ṫáinic sí sios go hiongantaċ: ní raiḃ coḃarṫaċ ar biṫ aice. A ṪIĠEARNA, féuċ maindéise: óir do ṁéaduiḋ an náṁuid é féin.
An ṁéid ġaḃus ṫort buáilid síad a láṁa as do ċoinnesi; do níd siad magaḋ agus croiṫid a ccinn air inġin Ierusalem, ag ráḋ, An í so an ċaṫair dá ngoirdís daóine Iomláine sgéiṁe. Agus sólás an doṁuin uile?
¶ Féuċ, a ṪIĠEARNA, agus meas cía dá ndéarna tú so. A níosuid na mná a ttoraḋ, agus naóiḋin a ḃfad réise? an muirfiġear an sagart agus an fáiġ a sanctóir an TIĠEARNA?
O a ṪIĠEARNA, do ċúala mé do ġlór, agus do ḃí eagla orum: a ṪIĠEARNA, aiṫḃeoḋuiġ hobair a meaḋón na mblíaḋan, foillsiġ a lár na mblíaḋan; a ḃfeirg cuiṁniġ trócaire.