Agus a duḃradur clann Israel ríu, Do bfear linn go ḃfaġmáois bás re láiṁ an TIĠEARNA a gcríċ na Hégipte, a nuáir do ṡuiġeamar láiṁ ré potuiġiḃ na féola, agus a nuair do iṫmís arán ar saiṫ: óir tug siḃsi amaċ sinn san ḃfásaċ so, do ṁarḃaḋ na coiṁṫionalasa uile lé hocrus.
Eúgfuid síad do ḃásaíḃ doilġiosaċa; ní caóinfiġearíad; agus ní aḋlócṫar íad; aċt béid aṁuil aóileaċ ar ġnúis na talṁan, agus muirfiġear íad leis an ccloiḋeaṁ, agus le gorta; agus béid a ccuirp na mbíaḋ déunuiḃ a naiéir, agus do ḃeaṫuiġiḃ na talṁan.
Agus biáiḋ ḃur ttrealaṁ air ḃur cceannaiḃ, agus ḃur mbróga air ḃur ccosaiḃ: ní ḋéantaoi gul nó gearán; aċt beiṫí cnaóiḋṫe ar son ḃur néigceart, agus caóiḋfiḋe gaċ aon agaiḃ ar aġaiḋ a ċéile.
¶ Uimesin, ṫusa a ṁic an duine, laḃair ré tiġ Israel; Is marso laḃarṫaoi, ag ráḋ, Má ḃíd ar sáruiġṫe agus ar bpeacuiġe oruinne, agus go néugfam ionta, ciondus do ḃeiṫmís beó marsin?
¶ Tuilleaṁ oile a duḃairt sé riom, A ṁic an duine, féuċ, brisfiḋ mé maide a naráin ann Ierusalem: agus íosuiḋ síad arán lé toṁas, agus lé cúram; agus ioḃuid uisge lé miosur, agus lé huaṫḃás.
Atá an cloiḋeaṁ amuiġ, agus an ṗláiġ agus an ġorta a stiġ: agus éugfuiḋ an té ḃías annsa maċaire leis an ccloiḋeaṁ, agus muirfiḋ gorta agus pláiġ, an té atá san ccaṫruiġ.
Agus iosuiḋ sé soċar háirnéisi, agus toraḋ ṫfearuinn, nó go maḋ marḃ ṫú: noċ mar an ccéadna naċ ḃfúigfiḋ arḃar, nó fion, nó ola, nó biseaċ do ḃó, nó do ṫréud caoraċ, nó go scriosfa sé ṫú.