Aċt a duḃairt Rabsáceh riúsan, Nar ċuir mo ṁaiġistir misi ċum do ṁaiġistirsi, agus ċugadsa, do laḃairt na mbriaṫarsa? naċ ċum na muinntire ṡuiḋios air an mballa do ċuir sé mé, go niṫid a salċar féin, agus go niḃid a mún féin ḃur ḃfoċairse?
Agus do ċuireadar a nuáisle a cclann ḃeag ċum na nuisceaḋ: ṫángadar ċum na claisiḃ, agus ní ḃfúaradar uisge; dḟilleadar gon a soiġṫiġiḃ folaṁ; do ḃádar náireaċ imṡníoṁaċ, agus dfóluiġeadar a ccinn.
Osnaġuid a daoine uile, íarruid síad arán; ṫugadar a neiṫe taitneaṁaċa ar ḃíaḋ dfurtaċt a nanma: féuċ, a ṪIĠEARNA, agus meas; óir atáimsi taircuisneaċ.
Uime sin do ḋéana tú serḃís dot náṁuid noċ ċuirfios an TIĠEARNA ad aġuiḋ, a nocrus, a ttart, a dtárrnoċdaċd, agus a ríaċdanus gaċ uile neiṫe: agus cuirfe sé cuing iaruinn ar dó ṁuinéul, nó go scriosfa sé ṫú.
Loisgfiġear le hocras íad, agus díoḃaiṫfiḋear íad le teas loisgneaċ, agus lé díḃḟeirg róiṡearḃ: cuirfe mé mar an gcéadna fíacla beaṫaċ orra, le neiṁ naiṫreaċ neiṁe talṁuiḋe.