Agus a nuáir déiriġ mé ar maidin do ṫaḃairt cíċe dom leanaṁ, feuċ, do ḃí sé marḃ, aċt a nuáir dféaċ mé air maidin go grinn air, féuċ, ni hé mo ṁac do ḃí ann, noċ do rug mé.
Agus éiġfid beaṫuiġe állta na noiléan iona ttiġṫiḃ uáigneaċa, agus dragúin iona ḃpálásaiḃ aóiḃinn: agus atá a haimsir a ḃfogus do ṫeaċd, agus ní cuirfiġear a laéṫe air cáirde.
Agus do ḃéara misi orra feóil a mac diṫe, agus feóil a ninġean, agus íosuiḋ gaċ uile ḋuine ḋíoḃ feóil a ċarad annsa ċampa agus annsa ċrúaḋóig, lé ccuiṁgeoċuid a náṁuid, agus an drong íarrus a mbás, orra.
¶ Féuċ, a ṪIĠEARNA, agus meas cía dá ndéarna tú so. A níosuid na mná a ttoraḋ, agus naóiḋin a ḃfad réise? an muirfiġear an sagart agus an fáiġ a sanctóir an TIĠEARNA?
Ar a naḋḃarsin íosfuid na haiṫre na mic ann do lár, agus íosfuid na mic na haiṫre; agus béara mé breaṫa ionnad, agus spréiḋfiḋ mé iomlán ṫfuiġill annsna buile ġáoṫaiḃ.