22 Do coiṁlíonaḋ pionós héigceirt, a inġean Ṡion; ní ḃéara sé ní sa ṁó ṫú a ndaoirsine: cuáirteoċa sé héigceart, a inġean Edom; foillseoċuiḋ sé do ṗeacuiḋe.
Laḃruiḋ go meisneaṁuil ré Hierusalem, agus fúagruiḋ ḋi, gur críoċnuiġeaḋ a cogaḋ, gur maiṫeaḋ a héigceart: óir do ġlac sí as láiṁ an TIĠEARNA díol dúbalta ar son a huile peacaiḋ.
Muscail, múscail; cuir ort do neart, a Ṡion; cuir ort do ċúlaḋa breáġa, a Ierusalem, an ċaṫair náoṁṫa: oir ó so amaċ ní ṫiucfuid na neiṁṫimċillġéarrṫa, agus na neaṁġloin a steaċ ionnad.
Ní cluinfiġear foiréigion ann do ṫír ní sa ṁó, fásuġaḋ nó aiḋṁilleaḋ táoḃ a stiġ dot ṫéorannuiḃ; aċt goirfiḋ tú dot ḃallaḋuiḃ Slánuġaḋ, agus dot ġeataḋuiḃ Molaḋ.
Agus glanfa mé íad ó na nuile éagceart, ler ċionntuiġeadar am aḋuiġsi; agus maiṫfiḋ mé a nuile éaigcearta, ler ṗeacuiġeadar, agus ler ṡáruiġeadar am aġuiḋ.
Aċt do rinne misi Esau lom, do noċt mé a áite secréideaċa, agus ní ḟéadfa sé é féin do ċeilt: do creaċaḋ a ṡíol, agus a ḋearḃráiṫre, agus a ċoṁarsana, agus ní ḃfuil sé féin ann.
Annsna láeṫiḃsin, agus fa namsin, a deir an TIĠEARNA, loirgeorṫar éigceart Israel, agus ní ḃiaiḋ sé ann; agus peacuiḋe Iúdah, agus ní biáid re faġáil: óir maiṫfiḋ misi don ṁéid do ċoiṁéad mé.
¶ Gáirdiġ agus bíoḋ lúaṫġáir ort, a inġean Edom, noċ áitreaḃus a ḃfearann Us; raċuiḋ fós an cupán ṫairis ċugadsa: biáiḋ tú ar meisce, agus do ḋéana tú ṫú féin tárnoċd.
An té atá a nimċéin éugfuiḋ sé don ṗláiġ; agus an té atá a bfogus tuitfiḋ sé leis an ccloiḋeaṁ; agus na té ṁairfios agus ionnsuiġeoċṫar éugfa sé leis an ngorta: marso ċoiṁlíonfus mé mo ḋíḃḟearg orra.
An tionad a nabair Edom, Do boċtuiġeaḋ sinn, aċt fillfiom agus cuirfiom na háite fáis súas; is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Cuirfid síad súas, aċt teilgfiḋ misi síos; agus goirfid siad díoḃ, Teórann na hurċóide, agus, Na daóine a naġaiḋ a ḃfuil dioġaltas an TIĠEARNA a coṁnuiġe.