21 ¶ Gáirdiġ agus bíoḋ lúaṫġáir ort, a inġean Edom, noċ áitreaḃus a ḃfearann Us; raċuiḋ fós an cupán ṫairis ċugadsa: biáiḋ tú ar meisce, agus do ḋéana tú ṫú féin tárnoċd.
¶ Gáirdiġ, a ḋuine óig, ann hóige; agus cuireaḋ do ċroiḋe súgaċus ort a láeṫiḃ hóige, agus siuḃail a sliġṫiḃ do ċroiḋe, agus a raḋarc do ṡúl: aċt bíoḋ a ḟios agad, ar son na neiṫionnso uile go ttiuḃraiḋ Día ċum breiṫeaṁnus ṫú.
Oír is márso a deir an TIĠEARNA; Féuċ, androng naċ raiḃ a mbreaṫ iḃe don ċupán diḃiodar go deiṁin; agus an tusa an té raċus go hiomlán gan ċoiriuġaḋ? ní reaċa tú gan ċoiriuġaḋ, aċt go deiṁin ioḃa tú ḋe.
¶ A ttáoḃ Edom, is marso a deir TIĠEARNA na slóġ; An ḃfuil, críonnaċt ó so amaċ ann Teman? nar imṫiġ coṁairle seaċad ón ġlic? a ndeaċuiḋ a neagna ar neiṁní?
Oír is marso a deir an Tiġearna DIA; Do ḃríġ gur ḃúáil tú do láṁa, agus gur ṗreab tú led ċosaiḃ, agus gur ġáirdiġ tú a ccroiḋe maille re haingiḋeaċt a naġaiḋ ṫíre Israel;
A ṁic an duine, do ḃríġ go nduḃairt Tírus a naġaiḋ Ierusalem. Aha, atá geata na ndáoine briste: dfill sí ċugamsa: líonfuiġear misi anois, ó fágḃaḋ áonránaċ ise:
¶ Marso a deir an TIĠNARNA; Ar son ṫrí sáruiġṫe Edom, agus ar son a ceaṫair, ní ċoigeola mé íad: do ḃríġ gur ainlean sé a ḋearḃraṫair leis an ccloiḋeaṁ, agus gur ṫeilg úaḋ gaċ uile ṫrúaiġe, agus gur réub a ḟearg go síorruiḋe, agus gur ċonnaiṁ a ḟearg go síorruiġe:
Fis Obadiah. Is marso a deir an Tiġearna DIA a ttáoḃ Edom; Do ċuálamar aiṫris ón TTIĠEARNA, agus do cuireaḋ teaċta a measc na ngeinteaḋ, Eirġiḋse, agus eirġiom súas na haġaiḋ a ccaṫ.
Atá tú líonta do náire a náit glóire: iḃse fós, agus bíoḋ do réiṁċroicionn leis: iompoċṫar cupán láiṁe deise an TIĠEARNA ċugadsa, agus biaiḋ sceaṫraċ náireaċ air do ġlóir.
(Taḃruiḋ aire riḃ, atáim ag teaċd mar ġaduiġe. Is beannuiġe an tí do ní faire, agus ċoiṁéudus a éuduiġe, deagla go siúḃalaḋ sé lomnoċduiġe, agus go ḃfaicfedís a náire.)