A ṡléiḃte Gilboa, ná raiḃ drúċd, ná fearṫuínn oruiḃ, nó maġa ofrála: óir is annsin do teilgeaḋ go tarcuisneaċ sciaṫ an ċumbaċduiġ seaċad, sciaṫ Ṡauil, mar naċ bíaḋ ungṫa le hola.
Aċt do ḟreagradar an pobal, Ní raċa tú amaċ ar éanċor: óir ma ṫeiċfios sinne, is cuma leósan sin; nó ma marḃṫar ar leaṫ, is cuma leósan sin: aċt anois is fiú déiċ míle aguinn ṫusa: uime sin is fearr go mbía túsa ċum caḃra do ṫaḃairt dúinn amaċ as an gcaṫruiġ.
¶ Agus do ḃí doilġios ar Ieremiah tre Iosiah: agus do laḃradar na fir ċeóil uile agus na mná ceóil ar Iosiah iona ccáointiḃ gus a ninġ, agus do rinneadar órduġaḋ orra ann Israel: agus, féuċ, atáid scríoḃṫa annsna cuṁṫuiḃ.
Aċt do lean slúaġ na Ccaldéanaċ íad, agus rugadar ar Ṡedeciah a réitiḃ Ieriċo: agus an tan rugadar air, ṫugadar súas go Nebuċadnessar ríġ na Babilóine é, go Riblah a ttír Hámat, áit a rug sé breiṫeaṁnus air.
Do sluigeaḋ a geataḋa annsa talaṁ; do aiḋṁill se agus do ḃris se a barraḋa: agus atáid a ríġ agus a prionnsaḋa a measc na Ngeinteaḋ: ní ḃfuil dliġeaḋ ann ní sa ṁó; ní ḟaicid a fáiġe fós fis ar biṫ ón TTIĠEARNA.
Leaṫnoċadsa fós mo líon air, agus géaḃṫar ann mo ḋul é: agus do ḃéarad don Ḃabilóin é go críċ na Ccaldéanaċ; ṫairis sin ní ḟaicfiḋ sé é, bíoḋ go ḃfuiġe sé bás annsin.
Do ċúadar síos mar an ccéadna go hifrionn maille ris don ndroing atá marḃ leis an ccloiḋeaṁ; agus a ruiġ, agus do rinneadar coṁnuiḋe fana ḋíon a meaḋón na ccineaḋaċ.
Do buḋ breáġa a ḋuille, agus buḋ iomḋa a ṫoraḋ, agus do ḃí biaḋ ann do niomlán: do ḃí scáile ag beaṫaċaiḃ an ṁaċaire faói, agus dáitreaḃadar éunlaiṫ neiṁe iona ġéagaiḃ, agus do ḃeaṫuiġeaḋ a nuile ḟeóil de.
Biáiḋ misi am ríġ agad: cáit a ḃfuil duine ar bioṫ oile ḟéadas do ṡáḃáil ann do ċaiṫreaċaiḃ uile? agus do ḃreiṫeaṁuin do ṫáoiḃ a ndúḃairt tu, Taḃair ḋaṁsa ríġ agus prionnsaḋa?
Agus a duḃairt an nfáirḋreis ris ná crannuiḃ, Má ungṫaói misi ḋáríriḃ am ríġ oruiḃ, annsin tigiḋ agus cuiriḋ ḃur ndóiġ ann mo scáile: agus muna ndeárnuiḋe, tigeaḋ teiniḋ as an ḃfairḋreis, agus loisgeaḋ sí cédair Lebanon.
Féaċuiḋ, atáim annso: déanuiḋ fiaḋnuisi am aġaiḋ a laṫair an TIĠEARNA, agus a laṫair a ungṫuiḋ: Cía agaiḃ dar ḃean mé a ḋaṁ? nó cía dar ḃean mé a assal? no cía do ṁeall mé? no cía do ġortuiġ mé? nó cía hí an láṁ as ar ġlac mé cuṁa ar biṫ do ḋallaḋ mo ṡul leis? agus aiseoga mé ḋíḃ é.
Agus a duḃairt sesion ríu, Is fiaḋnuisi an TIĠEARNA ḃur naġaiḋ, agus is fiaḋnuisi a ungṫa san ló aniuġ, naċ ḃfúaraḃair éinní am láiṁ. Agus do ḟreagradarsan, Is fiaḋnuisi.
Féuċ, a niuġ do ċonncadar do ṡúile féin mar ṫug an TIĠEARNA a niuġ am láiṁsi ṫú ansa núaṁuiġ: agus a duḃradar dáoine áiriġ riom do ṁarḃaḋ: aċd do ċoigil mo ṡúil ṫú; agus a duḃairt mé, Ní ċuirfe mé mo láṁ amaċ a naġaiḋ mo ṫiġearna; óir a sé ungṫaċ an TIĠEARNA é.
Agus a duḃairt sé re na ḋaóiniḃ, Nár léige Día go ndéanainnsi an níse rém ṁaiġistir, ungṫaċ an TIĠEARNA, mo láṁ do ṡíneaḋ amaċ na aġaiḋ, o sé ungṫaċ an TIĠEARNA é.
Ní maiṫ an níso do rínne tú. Mar ṁairios an TIĠEARNA, do ṫuilleaḃair ḃur mbásuġaḋ, dó ḃríġ nár ċoiṁéadaḃair ḃur maiġistir, ungṫaċ an TIĠEARNA. Agus anois féuċ cáit a ḃfuil gaṫ an ríġ, agus an crúisgín uisge do ḃí aga ċeannaḋáirt?