Agus brisfe sé é aṁuil briste soiṫiġe a nuisge ḃristior na ḃloḋuiḃ; ni ċoigeola sé: ionnus naċ ḃfuiġṫear iona ḃriseaḋ píosa le a mbéarṫaói teine on teallaċ, nó leis a ttiuḃarṫaói uisge as an log.
Agus a déara tú ríu, Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ; Eaḋon is marso ḃrisfios mé an pobalso agus an ċaṫairsi, mar ḃrisios neuċ soiġṫeaċ an ṗotadóra, naċ féidir a ḋéanaṁ slán a rís: agus aḋlocuid síad a Ttoṗet, nó go raiḃ gan áit aḋluicṫe ann.
An é an fearso Coniah an tioḋal briste tarcuisneaċ? an soiṫeaċ gan dúil ar biṫ ann é? cred as ar teilgeaḋ amaċ íad, é féin agus a ṡlioċt, agus ar teilgeaḋ íad don tír naċ aiṫnid dóiḃ?
Luiġid na daóine óga agus seana air an ttalaṁ annsna sráidiḃ: do ṫuiteadar mo ṁaiġdiona agus mo ḋaóine óga leis an ccloiḋeaṁ; do ṁarḃ tú íad a ló ṫfeirge; do ṁarḃ tú, agus níor ċoigil tú íad.
A nuáir do ċláon mé Iúdah ḋaṁ féin, do líon mé an boġa air Eṗraim, agus do ṫoig mé súas do ṁic, a Ṡion, a naġaiḋ do ṁacsa, a Ġréag, agus do rinne mé ṫú aṁuil cloiḋeaṁ ḋuine neartṁuir.