¶ Féuċ, cuirfe mé fios air ṁórán íascaireaḋ, a deir an TIĠEARNA, agus géaḃuid siad íad; agus na ḋíaiġsin cuirfiḋ mé fios ar ṁórán sealgaireaḋ, agus do ḋéanaid a ḃfíaḋaċ ó gaċ uile ṡlíaḃ, agus ó gaċ uile ċnoc, agus a maċ as polluiḃ na ccarrac.
Agus an tan do ḃí sé a ngeata Ḃeníamin, do ḃí caiptín an ġárda annsin, dár buḋ ainm Iriiah ṁac Selemiah, ṁic Hananiah; agus do ġlac sé an fáiġ Ieremiah, ġa ráḋ, Atá tú ag dul do ṫaóiḃ na Ccaldeanaċ.
Tairġirid na fáiġe go bréagaċ, agus riaġluid na sagairt dá réir sin; agus is ail lem ṗobalsa a ḟaġáil marsin: agus cred do ḋéantaoisi ré deireaḋ na cúise sin?
Oír is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Día Israel; Is cosṁuil inġean na Babilóine ré hurlár buáilte, is miṫid a búalaḋ: giḋeaḋ tamall beag, agus tiucfaiḋ aimsir a foġṁair.
A ṁic an duine, féuċ, a deirid muinntir ṫiġe Israel, Atá a nfis do ċiḋ sé ré teaċt mórán láeṫeaḋ uáinn fos, agus tairrġiriḋ sé air na haimsearuiḃ atá a ḃfad uáinn.
Agus a duḃairt sé, A Amois, cred do ċí tú? agus a duḃairt misi, Clíaḃ do ṫoraḋ saṁruiġ. Annsin a duḃairt an TIĠEARNA riomsa. Ṫáinic an deireaḋ air mo ṗobal Israel; ní ġéaḃa mé láiṁ ríu ní is mó.