¶ Agus ní ṫáinic ríġ na Hégipte a rís nios mó as a ṫír féin: óir do ġaḃ ríġ na Babilóine ó ṡrúṫ na Hégipte go nuige a naḃuinn Euṗrates an ṁéid do ġaḃ le ríġ na Hégipte.
Agus cuirfiġear ḃur ccunraḋ ris an mbás ar ccúl, agus ní ṡeasfa ḃur réiġteaċ ré hifrionn; a nuáir raċus an scíursa tuiliġeaċ ṫairis, annsin sailteorṫar síos siḃsi leis.
Do ċuiṁniġ Ierusalem a láeṫiḃ a háindeise agus a boċtuine ar a huile neiṫiḃ sólasaċa do ḃí aice annsna láeṫiḃ a nallód, an tan do ṫuiteadar a daoine a láiṁ a náṁad, agus nar ċuidiġ duine ar biṫ ría: do ċonncadar a naiṁde í, agus do rinneadar magaḋ fa na sabbóidiḃ.
Agus ní ḃíaiḋ ní sa ṁóna dóṫċus ag tiġ Israel, noċ do ḃeir a néigceart ċum cúiṁne, an tan ḟéuċfuid iona ndiaiġ: aċt aiṫeonuid gur misi an Tiġearna DIA.