Atáid a luċt faire dall: ataid uile ainḃfiosaċ, atáid uile na madruiġiḃ balḃa, ní ḟéaduid taṫsann; na ccodlaḋ, na luiḋe síos, atáid gráḋaċ air néullfurtaiġ.
¶ Anois tárla, a nuáir do ċríoċnuiġ Ieremiah do laḃairt ar a nuile ní dar aiṫin an TIĠEARNA ḋe do ráḋ ris an bpobal uile, gur ġlacadar na sagairt agus na fáiġe agus an pobal uile é, ga ráḋ, Go deiṁin cuirfíġear ċum báis ṫú.
¶ Agus béaruid na daóine fireanta, breaṫ orra do réir ṁoḋa aḋaltrannaċ, agus do réir ṁoḋa na mban ḋóirtios fuil; do ḃríġ go ḃfuilid na naḋaltrannaċaiḃ, agus go ḃfuil fuil iona láṁuiḃ.
Agus do ḃéara mé aṁgar air ḋaóiniḃ, iondus go siuḃoluid aṁuil dáoine dalla, do ḃriġ gur ṗeacuiġeadar a naġaiḋ an TIĠEARNA: agus dóirtfiġear a ḃfuil amaċ aṁuil luáiṫreaḋ, agus a ḃfeóil mar a naóileaċ.
Mar sin ní ṫruállfíḋe an dúṫaiġ ann a ḃfuiltí: óir truailliḋ a nfuil an dúṫaiḋ: agus ní héidír an fearann do ġlanaḋ ón nfuil ḋóirtear ann, aċd lé fuil an té do ḋóirt í.