Annsin a duḃairt an TIĠEARNA riom, Tairrġirid na fáiġe bréaga am ainmsi: ní mé do ċur náim íad, ní mó is mé dáiṫin díoḃ, ní mó do laḃair mé ríu: tairrġirid díḃsi fis neiṁḟírinneaċ agus geasadóireaċt, agus neiṁní, agus cealg a ccroiḋe féin.
Oír do ḃris mé do ċuing ón tsean aimsir, agus do ḋóiṫ mé do ċuiḃreaċ; agus a dúḃairt tú, Ní ṡáireoċa mé; an tionad ar ṡeaċráin tú ar a nuile ċnoc árd agus faói gaċ aonċrann glas ag déanaṁ meirdreaċuis.
Tairġirid na fáiġe go bréagaċ, agus riaġluid na sagairt dá réir sin; agus is ail lem ṗobalsa a ḟaġáil marsin: agus cred do ḋéantaoisi ré deireaḋ na cúise sin?
Do ċoncadar ṫfáiġe neiṫe dioṁaóine leaṁa ḋuit: agus níor ḟoillsíġeadar hégceart, dfilleaḋ do ḋaóirsine; aċt do ċonncadar úaluiḋe neiṁḟírinneaċa ḋuit agus cúise díbearṫa.
Atá feall agá fáiġiḃ ann a lár, aṁuil leoṁan buile cíocraċ ar ċreiċ; do ṡluigiodar anmanna; do ġlacadar na hionnṁuis agus na neiṫe mórluáiġ; do rinneadar mórán baintreaḃaċ ḋi iona lár.
Cía do na fáiḋiḃ nar ḋíḃreadar ḃur náiṫreaċa? agus do ṁarḃadar an dream do réuṁḟoillsiġ teaċd an Táon Firéin úd; agá raḃaḃairse a nois ḃur luċd braṫa agus dúnṁarḃṫa: