Agus do ḃéara misi orra feóil a mac diṫe, agus feóil a ninġean, agus íosuiḋ gaċ uile ḋuine ḋíoḃ feóil a ċarad annsa ċampa agus annsa ċrúaḋóig, lé ccuiṁgeoċuid a náṁuid, agus an drong íarrus a mbás, orra.
Dfailliġeadar mo ṡúile le déoruiḃ, atáid minniġe buáiḋearṫa, do dóirteaḋ maéġe air an ttalaṁ, ar son aiḋṁillte inġine mo ḋaóine; do ḃríġ go nanḃfainiġid an ċlann agus na naóiḋin a sráidiḃ na caiṫreaċ.
¶ Féuċ, a ṪIĠEARNA, agus meas cía dá ndéarna tú so. A níosuid na mná a ttoraḋ, agus naóiḋin a ḃfad réise? an muirfiġear an sagart agus an fáiġ a sanctóir an TIĠEARNA?
Ar a naḋḃarsin íosfuid na haiṫre na mic ann do lár, agus íosfuid na mic na haiṫre; agus béara mé breaṫa ionnad, agus spréiḋfiḋ mé iomlán ṫfuiġill annsna buile ġáoṫaiḃ.