8 Mar an ccéadna a nuáir ċoṁaircim agus ġáirim, congṁuiḋ sé murnaiġ amaċ.
Féaċ, goirim na coṁairc ar a néagcóir, aċd ní cluintear mé: éiġim go hárd, áċt ní déantar breiṫeaṁnus ar biṫ.
Eiġim ċugadsa, agus ní ċluin tú mé: seasuim súas, agus ní ḃíon beann agad orum.
Mo Ḋía, coṁaircfim annsa ló, agus ní ċluin tú; annsa noiḋċe, ní ḃfuil suáiṁneas agam.
A ṪIĠEARNA a Ḋé na slóġ cá fad ḃías tú feargaċ a naġaiḋ urnaiġe do ḋaóine?
Dfoluiġ tú lé feirg, agus do ainlean tú sinn: do ṁarḃ tú, ní raiḃ truáiġe agad.
Dfoluiġ tú ṫú féin lé néull, iondus naċ raċaidís ar nurnaiġṫe ṫríd.
O a ṪIĠEARNA, ga fad ḃias mé ag éiġioṁ, agus naċ ccluin tú! eaḋon ag éiġioṁ ċugad air ḟoiréigion, agus naċ áill leaċd tárṫail!
Agus timċeall an náoṁaḋ húair do éiġ Iósa do ġuṫ ard, ag ráḋ, Elí, Elí, lama Sabactáni? sé sin re ráḋ, Mo Ḋía, mo Ḋiá, créd far ṫréig tú mé?
Oír giḋ bé iárras glacaiḋ sé; agus giḋ bé do ní lorgaireaċd do ġeiḃ sé; agus oísgéoltar don té ḃúaileas an doras.