Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Triaḃuin 3:66 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

66 Ainlean agus díoḃáiḋ íad a ḃfeirg go naċ béid faói neaṁuiḃ an TIĠEARNA.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Triaḃuin 3:66
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus ní duḃairt an TIĠEARNA fós go léirscriosfaḋ sé ainm Israel ó ḃeiṫ faói neaṁ: aċt do ṡáor sé íad le láiṁ Ieroboam ṁic Ioas.


Is leis an TTIĠEARNA, neaṁ, na neaṁa: agus ṫug sé an talaṁ do ċloinn na ndáoine.


Bídís mar lóċán ós coinne na gaóiṫe: agus aingeal an TIĠEARNA ġa rúagaḋ.


Bíoḋ a sliġe na ḋorċadus agus ro ṡleaṁuin: agus aingeal an TIĠEARNA da ngérleanṁuin.


Má deirim, Laiḃeorad marso; féuċ, do ḋéana mé éagcóir air ġinealaċ do ċloinnesi.


A nuáir ṁeasuim do ḟlaiṫis, obair do ṁéur, an ré agus na réulta, noċ do órduiġis;


Is marso a deir an TIĠEARNA, Isé neaṁ mo ċaṫaóir‐ríoġa, agus sé án talaṁ stól mo ċos: cáit a ḃfuil an tiġ ṫógṫaoi ḋaṁ? agus cáit a ḃfuil áit mo ċoṁnuiġṫe?


Is marso a déara siḃ ríu, Na dée naċ déarna na neaṁa nó an talaṁ, sgriosfuiġear íad ón ttalaṁ, agus ó faói na neaṁuiḃsi.


¶ O a ṪIĠEARNA, atá a ḟios agad: cuiṁniġ orumsa, agus tárr dom ḟéuċuin, agus dioġail mé ar mo luċt inġreama; ná beir as mé a ḃfoiġid ḟada do ḋeaġ‐ṁéinse: bíoḋ a ḟios agad gurab ar do ṡonsa dfulaing mé masla.


Dfoluiġ tú lé feirg, agus do ainlean tú sinn: do ṁarḃ tú, ní raiḃ truáiġe agad.


Do ṫeilg Israel uáḋ an ní is maiṫ: inġreamoċuiḋ an náṁuid eision.


Uimesin is aṁluiḋ ḃías, a nuáir ḃearus do ṪIĠEARNA Día suáiṁnios duit ód naiṁdiḃ uile fa gcuáirt ad ṫimċioll, ansa dúiṫċe do ḃeir do ṪIĠEARNA Día ḋuit mar oiġreaċd da sealḃúġaḋ, go ccuirfe tú amaċ cuiṁne Amalec ó ḃeiṫ faói neaṁ; agus ní ḋearmoda tú é.


Ní ċoigeola an TIĠEARNA eision, aċd annsin lasfuiḋ fearg an TIĠEARNA agus a éud a naġaiḋ an duinesin, agus luiġfid na mallaċda atá scríoḃṫa san leaḃarso uilé air, agus scriosfuiḋ an TIĠEARNA a ainm ó ḃeiṫ faói neaṁ.


Agus do ḃéuruiḋ sé a ríġṫe ann do láiṁ, agus sgriosfa tú a nainm ó ḃeiṫ faói neaṁ: ní ṫiucfa do ḋuine ar ḃiṫ seasaṁ roṁad, nó go sgriosfa tú íad.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ