54 Do ṫuiliġeadar uisgeaḋa ṫar mo ċeann; annsin a duḃairt mé, Do gearraḋ amaċ mé.
Nó dorċadas, naċ ḟéidir leaċd dfaicsin; agus iomad uisge ad ḟolaċ.
Do ṫimċiolladar doilġiosa an ḃáis mé: do eagluiġeadar tuilte na neiṁḋíaḋaċda mé.
Oír a duḃrus ann mo ḋeiṫnios, Atáim ar mo ġearraḋ amaċ ód raḋarc: giḋeaḋ do ċúala tú guṫ mo ġearáin a nuáir do ġáir mé ċugad.
Ná leig do ṫuile na nuisgeaḋ dul ós mo ċionn, agus na léig do naigéan mo ṡlugaḋ, agus ná léig don ṗoll a ḃéul do ḋrud orum.
Do ċuáiḋ ṫfearg aiḋṁéil ṫorum; do ġearradar húaṫḃáis amaċ mé.
Rugaḋ as príosún agus ó ḃreiṫeaṁnus é: agus cía ḟoillseoċus a ġinealaċ? óir do gearraḋ amaċ é as tír na mbéo, ar son ċionta mo ṗobailsi do ḃuáileaḋ é.
Agus a duḃairt mé, Atá mo neart agus mo ḋótċus ar na muġaḋ ón TTIĠEARNA:
Annsin a dúḃairt sé riomsa, A ṁic an duine, isíad na cnáṁaso tiġ Israel go hiomlán: féuċ, a deirid síad, Do tiormuiġeaḋ ar ccnáṁa, agus do cailleaḋ ar ndóṫċus: air ar soinne do gearraḋ amaċ sinn.
Oír giḋ bé iárras glacaiḋ sé; agus giḋ bé do ní lorgaireaċd do ġeiḃ sé; agus oísgéoltar don té ḃúaileas an doras.