Uimesin éist a nois, íarruim daṫċuinge ort, mo ṫiġearna an ríġ; glacṫar mo ġearán, íarruim ort, dot laṫair; go naċ ccuirfe tú dfíaċaiḃ orum filleaḋ go tiġ Ionatain an scríoḃuiḋe, deagla go ḃfuiġinn bás annsin.
Annsin do ġlacadar Ieremiah, agus do ṫeilgiodar a ccarcair Ṁalċiah ṁic Hammeleċ é, noċ do ḃí a ccúirt an ṗriosúin: agús do léigiodar Ieremiah síos lé córduiḃ. Agus ní raiḃ uisce ar biṫ annsa ccarcuir, aċd lábán: marsin do ċuáiḋ Ieremiah faói annsa lábán.
Mo ṫiġearna an ríġ, do rinne an muinntírse uile olc ann gaċ ní ḋá ndéarnadar ris an ḃfáiġ Ieremiah, noċ do ṫeilgiodar annsa ccarcair; ġeaḃa se bás ré ocras annsa náit a ḃfuil sé: óir ní ḃfuil ní sa ṁó darán annsa ċaṫruiġ.
Agus tugaḋ cloċ, agus do leagaḋ ar ḃéul na húaṁa í; agus do ṡéaluiḋ an ríġ le na ṡignead féin í, agus le signéad a ṫiġearnaḋa, iondus naċ háṫroċuiḋ an tionnsgnaṁ a ttáoḃ Ḋániel.