Ar a naḋḃarsin is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Féuċ, smaiċteoċa misi íad: muirfiġear na daóine óga ris an ccloiḋeaṁ; éugfuid a mic agus a ninġiona ré gorta:
Agus teilgfiġear amaċ a sráidiḃ Ierusalem an drong dá ndéanaid síad fáiḋéadóireaċt do ḃriġ na gorta agus an ċloiḋiṁ; agus ní ḃfuiġid síad duine aḋlacus íad féin, a mná, nó a mic, nó a ninġeana: óir dóirtfiḋ misi a nolc féin orra.
Má ṫéiġim amaċ san maċaire, féuċ annsin na mairḃ leis an ccloiḋeaṁ! agus má ṫéiġim a steaċ san ccaṫruiġ, annsin féuċ an luċt atá tinn lé gorta! a seaḋ, imṫiġ an fáiġ aráon agus an sagart timċioll fá ccuáirt go fearuinn naċ aiṫnid ḋóiḃ.
Agus do ḃéara misi orra feóil a mac diṫe, agus feóil a ninġean, agus íosuiḋ gaċ uile ḋuine ḋíoḃ feóil a ċarad annsa ċampa agus annsa ċrúaḋóig, lé ccuiṁgeoċuid a náṁuid, agus an drong íarrus a mbás, orra.
¶ Atá an TIĠEARNA ceart; óir do ċaṫuiġ misi a naḋuiġ a aiṫeantaḋ: éistiġ, íarruim daṫċuinge oruiḃ, a ṗobal uile, agus féuċuiḋ mo ḋóbrón: do ċúadar mo ṁaiġdiona agus mo ḋaóine óga a mbraiġdionus.
Dfailliġeadar mo ṡúile le déoruiḃ, atáid minniġe buáiḋearṫa, do dóirteaḋ maéġe air an ttalaṁ, ar son aiḋṁillte inġine mo ḋaóine; do ḃríġ go nanḃfainiġid an ċlann agus na naóiḋin a sráidiḃ na caiṫreaċ.
Luiġid na daóine óga agus seana air an ttalaṁ annsna sráidiḃ: do ṫuiteadar mo ṁaiġdiona agus mo ḋaóine óga leis an ccloiḋeaṁ; do ṁarḃ tú íad a ló ṫfeirge; do ṁarḃ tú, agus níor ċoigil tú íad.