¶ Uimesin déura tú an focalso ríu; Sildís mo ṡúile sios a ndéoruiḃ do ló agus doiḋċe, agus ná scuirdís: óir do briseaḋ maiġdion inġean mo ṁuinntire maille ré briseaḋ mór, lé buille ro niṁneaċ.
Ar son na neiṫeannso caóiḋimsi; siliḋ mo ṡúil síos lé huisce, do ḃríġ go ḃfuil an caḃarṫaċ noċ do ḃéaraḋ caḃair dom anam a ḃfad uáin: atáid mo ċlann uáigneaċ, do ḃríġ go rug an náṁaid buáiḋ.
Déiġ a ccroiḋe ċum an Tiġearna, ó a ḃalla inġine Ṡion, filedís déara síos aṁuil srúṫ a ló agus a noiḋċe: ná taḃair suáiṁneas ar biṫ ḋuit féin; ná coisgeaḋ rinn do ruisg.