Aċt muna néistiġe ris, caóiḋfiḋ manam a náitiḃ uáigneaċa ar son ḃur núaḃair; agus guilfid mo ṡúile go géur, agus riṫfid síos lé déoruiḃ, do ċionn tréada an TIĠEARNA do ḃreiṫ ar siuḃal a láiṁ.
¶ Uimesin déura tú an focalso ríu; Sildís mo ṡúile sios a ndéoruiḃ do ló agus doiḋċe, agus ná scuirdís: óir do briseaḋ maiġdion inġean mo ṁuinntire maille ré briseaḋ mór, lé buille ro niṁneaċ.
¶ Minniġe, minniġe! atáim ar mo ċráḋ a mballuiḋiḃ mo ċroiḋe; do ní mo ċroiḋe fuáim ionnam; ní ḟéaduim ḃeiṫ am ṫoċd, do ḃríġ go ccúala tusa, ó a manam, guṫ an stuic, graifne an ċaṫa.
Ar son na neiṫeannso caóiḋimsi; siliḋ mo ṡúil síos lé huisce, do ḃríġ go ḃfuil an caḃarṫaċ noċ do ḃéaraḋ caḃair dom anam a ḃfad uáin: atáid mo ċlann uáigneaċ, do ḃríġ go rug an náṁaid buáiḋ.
Dfailliġeadar mo ṡúile le déoruiḃ, atáid minniġe buáiḋearṫa, do dóirteaḋ maéġe air an ttalaṁ, ar son aiḋṁillte inġine mo ḋaóine; do ḃríġ go nanḃfainiġid an ċlann agus na naóiḋin a sráidiḃ na caiṫreaċ.
Déiġ a ccroiḋe ċum an Tiġearna, ó a ḃalla inġine Ṡion, filedís déara síos aṁuil srúṫ a ló agus a noiḋċe: ná taḃair suáiṁneas ar biṫ ḋuit féin; ná coisgeaḋ rinn do ruisg.