O náird a núas do ċuir sé teine ann mo ċnáṁuiḃ, agus beiriġ sí buáiḋ na naġaiḋ: do leaṫnuiġ sé líon roiṁe mo ċosaiḃ, dfill sé ar mais mé: do rinne sé áonránaċ mé agus lag ar feaḋ an laói.
Caóinid sliġṫe Ṡion, do ḃríġ naċ ttíg duine ar biṫ ċum a nféusta ṡollamonta: atáid a huile ġeataḋa uáigneaċ: osnuiġid a sagairt uile, atáid a maiġdiona píanta, agus atá sí féin a searḃus.