An ṁéid ġaḃus ṫort buáilid síad a láṁa as do ċoinnesi; do níd siad magaḋ agus croiṫid a ccinn air inġin Ierusalem, ag ráḋ, An í so an ċaṫair dá ngoirdís daóine Iomláine sgéiṁe. Agus sólás an doṁuin uile?
Agus do ḋéana an TIĠEARNA ceann díot, agus ní hearball; agus biáiḋ tú aṁáin a núaċdar, agus ní ḃiáiḋ tú a níoċdar; má éistionn tú re haiṫeantuiḃ do ṪIĠEARNA Dé, noċ aiṫniġimsi ḋíot a niuġ, dá ccoiṁéad agus dá gcoiṁlíonaḋ: