Do rinne an TIĠEARNA an ní do ṫionnscain sé; do ċoiṁlíon sé a bríaṫar noċ daiṫin sé annsna laéṫiḃ a nallód: do ṫeilg sé síos, agus níor ġaḃ truáiġe é: agus ṫug sé air do náṁuid gáirdiuġaḋ ós do ċionn, do ċuir sé aḋarc heasccarad súas.
Luiġid na daóine óga agus seana air an ttalaṁ annsna sráidiḃ: do ṫuiteadar mo ṁaiġdiona agus mo ḋaóine óga leis an ccloiḋeaṁ; do ṁarḃ tú íad a ló ṫfeirge; do ṁarḃ tú, agus níor ċoigil tú íad.
Agus ní ċoigeoluid mo ṡúile, ní mó ḃías truáiġ agum: cúiteoċa mé riot do réir do ṡliġṫeaċ agus on ġráineaṁlaċta atá ann do lár; agus aiṫeontaói gur misi an TIĠEARNA noċ ḃuáilios siḃ.
Uimesin do ḋéana misi mar an cceadna ann mfeirg: ní ċoigeola mo ṡúil, ní mó ḃías truáiġe agum: agus bíoḋ go néiġfid am ċlúasaiḃ lé guṫ árd, ṫairis sin ní ċluinfiḋ mé íad.