Agus do ḃí an TIĠEARNA grásaṁuil dóiḃ, agus do ġaḃ truáiġe ḋóiḃ é, agus do ḃí meas aige orra, do ḃríġ a ċunnarṫa ré Abraham, ré Isaac, agus ré Iácob, agus níor ḃáill leis a sgrios uile, ná a tteilgion úaḋ as a laṫair fós.
Ṫairis sin, mar do ḃí sé trócaireaċ, do ṁaiṫ a ccionta, agus níor sgrios íad: agus dfill sé go minic a ḟearg tar a hais, agus níor ṁúscail sé a ḋiḃḟearg uile.
Agus tárla a gcionn aimsire go ḃfuáir ríġ na Hégipte bás: agus do ḃáder clann Israel ag osnaḋuiġ tré ṁéid a ndaóirse, agus do eiġṁeadar, agus ṫáinic a néiġṁe súas ċum Dé tré na ndáoirse.
Agus a duḃairt an TIĠEARNA, Is deiṁin go ḃfaca misi scíursa mo ṗobuil, noċ atá sa Négipt, agus do ċúala mé a néiġṁe, do bríġ a maiġistreaḋ tascuiḋ: óir atá fiós a ndoilġis agam.
An é Eṗraim mo ṁac díleas? an leanaḃ sólásaċ é? óir ó nuáir fár láḃair misi na aġuiḋ, cuiṁniġim go dúṫraċtaċ air a ccoṁnuiḋe: uimesin atáid minniḋe buáiḋearṫa ar a ṡon; go deiṁin do ḋéana mé trócaire air, a deir an TIĠEARNA.
¶ Ciondus ḃéaras mé súas ṫú, a Eṗraim? ciondus ṡeaċodas mé ṫú, a Israel? ciondus do ḋéanas mé ṫú aṁuil Admah? ciondus ṡuiġeoċus mé ṫú aṁuil Seboim? do hiompoiġeaḋ mo ċroiḋe ionnam, do lasadar maiṫreaċuis a néinḟeaċd.
Is marso a deir an TIĠEARNA; Má tá go ḃfuilid suáiṁneaċ, agus fós iomadaṁuil, giḋeaḋ is marso ċuirfiġear síos íad, an tan raċus sé ṫríd. Mátá gur ṗían mé ṫú, ní ṗíanfa mé ṫú ní sa mbó.
Agus deiriġ sé, agus do ċuáiḋ sé dionnsuiġe a aṫaar. Agus ar mbeiṫ fós a gcíanúaḋ ḋó do ċonnaire a aṫair é, agus do ġaḃ truáiġe ṁór ḋó é, agus ag riṫ ḋó, do ċrom sé fá na ḃráġuid, agus do ṗóg sé é.