Iondus go ccuiṁneoċa tú, agus go mbía náire ort, agus naċ ḃfoisceola tú do ḃéul go braṫ ní as mó do ḃríġ do náire, an tan ḃías mé síoṫċánta riot ar son a nuile ní dá ndeárna tú, a deir an Tiġearna DIA.
Iarruiḋ an TIĠEARNA, siḃsi a uile ḋrong ceannsa na talṁan, noċ doibriġ a ḃreiṫeaṁnus; íarruiḋ fíreantaċd, iarruiġ macántaċd: do bfeídir go ḃfoileoċṫáoi síḃ a ló ḟeirge an TIĠEARNA.
Agus ar seasaṁ don ṗuíbliocán, a ḃfád úaḋ, nior ḃáill leis fiú a ṡúl do ṫoġáil suás ċum neiṁe, aċd do ḃuaileaḋ sé a uċd, ag ráḋ, A Ḋía déana trócaire oramsa an peaċṫaċt.
Agus atá a ḟios aguinne giḋ bé ar biṫ neiṫe a deir an dliġeaḋ, gur ris a ndreim atá fán dliġeaḋ laḃrus sé: ionnus go dtoċdfuiḋ gaċ uile ḃéul, agus go mbeiṫ an doṁan uile cionntaċ do breiṫeaṁnus Dé.