Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Triaḃuin 3:26 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

26 Is maiṫ go ccuirfeaḋ duine a ḋóiġ aráon agus go ḃfeiṫfeaḋ go ceannsa air ṡlánuġaḋ an TIĠEARNA.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Triaḃuin 3:26
24 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Do ḃi mé ag fuireaċ réad ṡlánuġaḋ, a ṪIĠEARNA.


Ní ríaċdanus daoiḃ troid annsa ċaṫso siḃ fein: seasuiḋ ḃur ccoṁnuiġ, agus do ċífiḋe caḃair an TIĠEARNA maille riḃ, ó a Iúdah agus Ierusalem: ná himeagluiġiḋ, agus ná líṫiḋ; a maraċ éirgiḋ amaċ na naġaiḋ: oír biaiḋ an TIĠEARNA maille riḃ.


Do ḃí mo ḋóiġ ann do ṡlánuġaḋ, a ṪIĠEARNA, agus do ċoṁaill mé haiṫeanta.


Do ḃí mían agam ad ṡlánuġaḋ, a ṪIĠEARNA; agus isé do ḋliġeaḋ maóiḃneas.


Do ḟeiṫ mé air an TTIĠEARNA, atá manam ag feiṫioṁ, agus iona ḃréiṫir atá mo ḋóiġ.


Feiṫ air an TTIĠEARNA, agus connaiṁ a ṡliġe, agus áirdeoċuiḋ sé ṫú ċum oiġreaċda na dúiṫċe: a nuáir ḃéid na droċḋaóine air na scrios, do ċífe tú sin.


Bí ad ṫoċt don TIĠEARNA, agus déan feiṫioṁ, foiġideaċ air: ná fearguiḋ ṫú féin ris an té ḃíos sona iona ṡliġe, ris an tí noċ ċrioċnuiġios a ḋroċ smuáintiġ.


Molfad ṫú go síorruiḋe, do ḃríġ go ndéarna tú sin: agus feiṫṁe mé ar hainm; óir is maiṫ é ós coinne do náoṁ.


Do ḋéana mé íoḋbairt duit go toileaṁuil: molfad hainm, a TIĠEARNA; óir is maiṫ é.


Isé fós mo ċarruic agus mo ṡlánuġaḋ; mo ḋídean; ní ċorroċṫar mé go mór.


Aċt ís maiṫ ḋaṁsa druidean ré Día: atá mo ḋóiġ annsa TTIĠEARNA Día, go ḃfoillsiġe mé hoibreaċa uile.


Is maiṫ adṁáil do ḋéanaṁ don TIĠEARNA, agus sailm do ċanaḋ dot ainm, ó ṫusa is ro áirde:


Agus a duḃairt Maóise ris an bpobal, Ná bíoḋ eagla oruiḃ, fanuiḋ ḃur seasaṁ, agus féuċuiḋ tárṫáil an TIĠEARNA, noċ ṫaisbéanfás sé ḋíḃ a niuġ; óir na Hégiptiġ do ċoncaḃair a niuġ, ní ḟaicfiḋe íad a rís go bráṫ.


Troidfiḋ an TIĠEARNA ar ḃur son, agus beiṫíse ḃur dtoċt.


Oir is marso a deir an Tiġearna DIA, Neaċ Náoṁṫa Israel; A niompoġ agus a suáiṁnios béiṫí tárṫúiġṫe; a cciúnas agus a ndóṫċus ḃías ḃur neart: agus níor ḃáill liḃ.


Oír buḋ díoṁaóin cungnaṁ na Négipteaċ, gan ḃríġ ar biṫ: uimesin déiġ misi ar a ṡonso, Sé a neart fanṁain na ċoṁnuiḋe.


Agus abair ris, Haire ḋuit, agus bí suáiṁneaċ; ná bioḋ eagla ort, agus ná bí lagċroiḋṫeaċ ar son ḋá earball án dá aiṫinne deatuiġsi, ar son feirge Resin maille re Síria, agus mac Remaliah.


An ḃfuil áon a measc dioṁaóinis na ngeinteaḋ do ḃéaraḋ fearṫuinn? nó an ḃféuduid na neaṁa fearṫuinn do ṫaḃairt úaṫa? naċ tusa féin é ar TTIĠEARNA Día? uimesin feiṫfiom ort: óir as tú do rinne na neiṫesi uile.


Is maiṫ do ḋuine an ċuing diomċar iona óige.


Oír atá a nfis fós ċum uáire cinte, aċt fa ḋeóiġ laiḃeoruiḋ sí, agus ní ḋéana sí bréag: má atá go maḋ mall í, feiṫ uirre; do ḃríġ go ttiucfa sí go deiṁin, ní anfa sí.


Aċd as maiṫ an teasġráḋ ré ḃeiṫ go siorruiḋe a ní ṁaiṫ, agus ní hé aṁáin an tan ḃímse ḃur laṫair.


Uime sin ná téilgiḋ uáiḃ ḃur muiniġin adṁálaċ, agá ḃfuil mórlúaċ sáoṫair.


Oír atá ar gcuid do Ċríosd aguinn, má ċongṁamáoid go diongṁálta céudṫosaċ ar muiniġine go teaċd don ċriċ ḋeiġeanuiḋ;


Uime sin ar gcreasruġaḋ leasruiġ ḃur ninntinne ḋiḃ, maille ré measarrġaċd, bíoḋ dóċas diongṁálta aguiḃ as an ngrás atá ar na ṫaḃairt ċuguiḃ a dtaisbéunaḋ Iósa Críosd;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ