¶ Agus ṫusa, a Ṡoluiṁ a ṁic, bioḋ fios Dé haṫar agad, agus deana serḃis dó le croiḋe iomlán agus lé toil aontaḋuiġ: óir spíonuiḋ an TIĠEARNA na huile ċroiḋṫe, agus tuigiḋ sé na huile ḃreaṫnuiġṫe na smuaintiġeaḋ: ma íarrann tú é, do ġeaḃa tú é; aċt má ṫréigionn tú é, teílgfiḋ sé úaḋ ṫú go bráṫ.
Agus do ċúaiḋ sé amaċ a ccoinne Asa, agus a duḃairt ris, Eistiġ riomsa, Asa, agus Iúdah uile agus a Ḃeniamin; Atá an TIĠEARNA maille riḃ, an feaḋ ḃéiṫi maille ris; agus má íarṫaoi é, atá se ar faġáil agaiḃ; aċt ma ṫréigṫí é, tréigfiḋ sé siḃ.
Agus ann gaċ uile obair dar ṫionnsguin sé a serḃís tiġe Dé, agus annsa dliġeaḋ, agus annsna haiṫeantuiḃ, díarruiḋ a Ḋé, do rinne sé é re na ċroiḋe iomlán, agus do ḃí se sona.
Oír do ḃí náire orum buiḋe an ṡeiġdiúr agus ṁarcṡlúaġ díarruiġ air an ríġ do ċungnaṁ linn a naġaiḋ ná náṁad annsa tsliġe: do ḃríġ gur laḃramar ris an ríġ, ḋá ráḋ, Atá láṁ ar Ndé ċum maiṫeasa leis an ṁéid íarrus é; aċt bí a ċuṁaċt agus a ḟearg a naġaiḋ gaċ áoin dá ttréigionn é.
Bí ad ṫoċt don TIĠEARNA, agus déan feiṫioṁ, foiġideaċ air: ná fearguiḋ ṫú féin ris an té ḃíos sona iona ṡliġe, ris an tí noċ ċrioċnuiġios a ḋroċ smuáintiġ.
Agus a déarṫar annsa lósin, Féuċ sé so ar Ndía; do ḟeiṫeamar air, agus sláineoċa sé sinn: sé so an TIĠEARNA; do ḟeiṫeamair air, agus bíam lúaṫġaireaċ agus gáirdeoċum iona ṡlánuġaḋ.
Lé manam díarr mé ṫú san noiḋċe; fos, lé mo spioraid a stiġ ionnam íarrfas mé ṫú go moċ: óir a nuáir ḃéid do ḃreaṫeaṁnuis annsa talaṁ, foġlaimfid áitreaḃuiġ na talṁan fíreantaċd.
¶ Giḋeaḋ fuirḟeiṫṁiġ an TIĠEARNA, ré ḃeiṫ grásaṁuil daóiḃ, agus áirdeoċṫar uimesin é, ċor go ndéana sé trócaire oruiḃ: óir is Día breiṫeaṁnuis an TIĠEARNA: is beannuiġ an ṁéid ḟuirḟeiṫfios air.
Aċt an drong ḟeiṫios air an TTIĠEARNA aṫnúaḋuiġid síad a neart; éreoċuid súas le sciaṫánuiḃ aṁuil iolair; rioṫfaid siad, agus ní ḃéid coirṫe; agus siuḃoluid, agus ní ḃéid síad anḃfann.
¶ Oír ní ċúaladar daóine ó ṫosaċ an doṁuin, níor ṁoṫuiġeadar leis an ccluáis, ní mó do ċonnairc an tsúil, a Ḋía, taoḃ amuiġ ḋiotsa, an ní dullṁaiġ sé don tí ḟeiṫios air.
Síolċuiriḋ ḋíḃ féin a nionracus, beanuiḋ a ttrócaire; brisiḋ súas ḃur ḃféarainn branair: óir is miṫid an TIĠEARNA díarruiḋ, nó go ttí sé agus go ḃfearuiḋ fíreuntaċt oruiḃ:
¶ Uimesin feiṫiḋ siḃsi orumsa, a deir an TIĠEARNA, nó go ttig an lá a néireoċa misi súas ċum na creiċe: óir isé is mían daṁ na cineaḋaċa do ċruinniuġaḋ, ionnus go ttoiṫeastluiġ mé na rioġaċda, do ḋórtaḋ mo dioġla orra, eaḋon mfearg ḃorb uile: óir loisgfiġear an talaṁ uile lé téine mo éada.
Uime sin a ḋearḃráiṫre, bíġiḋ foiġideaċ, go teaċd an Tíġearna. Féuċ, bí an treaḃaċ ag fuireaċ re toraḋ mórluáiḋ na talṁan, agus fanuiḋ sé ris maille ré foíġid, nó go ḃfaġann sé fearṫuin na maiden agus an tráṫnóna.