Agus do cuidiġeaḋ léo na naġaiḋ, agus do seaċadaḋ na Hagarítiġ iona láiṁ, agus a nuile ḋuine dá raiḃ na ḃfoċair: Oír do éiġeadar ċum Dé annsa ċaṫ, agus do áontuiġ sé léo; do ḃríġ gur ċuireadar a ndóiġ ann.
Cred fa tteilgeann tú ṫú féin síos, ó manam? agus cred fa ḃfuil tú buáiḋearṫa ionnam? cuir do ḋóiġ a Ndía: óir molfa mé fós é, sláinte maiġṫe, agus mo Ḋía.
Cred fa tteilgionn tú ṫú féin síos, ó manam? agus cred fa ḃfuil tú buáiḋearṫa ionnam? cuir do ḋóiġ a Ndía: óir molfad é fós, sláinte maiġṫe, agus mo Ḋía.
Agus do ḃí Dáiḃi lán do ḋóbrón; óir do luáiġeadar na daoine gaḃáil do ċloċuiḃ air, do ḃríġ go raiḃ ínntinn na ndaóine uile doilġiosaċ, gaċ eanduine ar son a ṁac agus ar son a inġean: aċ do ġaḃ Dáiḃi meisneaċ ċuige féin ann a ṪIĠEARNA Día.