Tugaiḋ glóir dá ḃur TTIĠEARNA Día, suil dó ḃéara sé dorċadus, agus suil ṫuisleoċuid ḃur ccosa ar na sléiḃtiḃ dorċa, agus, an feaḋ ḃeiṫí ag feiṫioṁ re solus, go ḃfillfiḋ séision é a sgáile an ḃáis, agus go ndéana sé dorċaċt ṫiuġ ḋe.
Ciondas dfoluiġ an TIĠEARNA inġean Ṡion lé néull iona ḟeirg, agus do ṫeilg sios ó neaṁ go talaṁ sgíaṁ Israel, agus nar ċuiṁniġ a ċosstól a ló a ḟeirge!
¶ Agus do ḋéana tú láṁagán a meaḋon an láoi mar ġreamuiġios an dall san dorċadas, agus ni ḃéara tú biseaċ ann do ṡliġṫiḃ: agus biáiḋ tú brúite aṁáin agus millte go bráṫ, agus ní ḋídeonuiḋ éanduine ṫú.
Na haingil mar an gcéudna nár ċoiṁéid an ċeúd sdaid ann a raḃadar, aċd do ḟág a nionad coṁnuiġe féin, do ċoiṁéid sé íad a ngeiṁliḃ síorrúiḋe fá ḋorċadas ċum breiṫeaṁnuis an láe ṁóir.