Féuċ, arson síoḋċana fuáir mé searḃus mór: aċt ar ġráḋ manma do ṡáor tusa é ó ṗoll an truáilliġṫe: óir ro ṫeilgis mo ṗeacuiḋe uile táoḃ ṡíor dot ḋruim.
Oír imeoċuid na sléiḃte, áṫroċar na cnoic; aċt ní imeoċuiḋ mo ċínealsa uáitsi, ní mo áṫroċṫar cunnraḋ mo ṡíoṫċána, a deir an TIĠEARNA do rinne trócaire ort.
Núallamuid uile aṁuil maṫġaṁna, agus guḃamaoid go doiliġ aṁuil columa: atá ar súil ré breiṫeaṁnus, aċt ní ḃfuil ar faġáil; ar son tárṫala, atá sí a ḃfad uáinn.
Ṫangadar sgriosdóiriḋe ar gaċ uile áit áird ar feaḋ a nfásuiġ: óir sliugfiḋ cloiḋeaṁ an TIĠEARNA ó aóinċionn don dúṫaiġ go nuige an ccionn oile don dúṫaiġ: ní ḃfuiġe feóil ar biṫ síoṫċáin.
Ar ṫréig tú Iúdah ṫríd amaċ? ar ḟúaṫaiġ hanam Sion? cred fár ḃuáil tú sinn, agus gan ċaḃair ar ḃiṫ oruinn? do ḃi súil aguinn re síoṫċáin, agus ní ḃfuil maiṫ ar biṫ annsin; agus re ham tárṫála, agus féuċ búaiḋreaḋ!
Oír is marso a deir an TIĠEARNA, Ná héiriġ a steaċ a ttiġ na cuṁa, agus ná héiriġ dá ccaói nó dá ttrúaiġṁéile: óir do ṫóg misi mo ṡíoṫċáin ón bpobalso, a deir an TIĠEARNA, trócaire agus grása.
Ar son na neiṫeannso caóiḋimsi; siliḋ mo ṡúil síos lé huisce, do ḃríġ go ḃfuil an caḃarṫaċ noċ do ḃéaraḋ caḃair dom anam a ḃfad uáin: atáid mo ċlann uáigneaċ, do ḃríġ go rug an náṁaid buáiḋ.
Oír roiṁe na laéṫiḃsi ní raiḃ túarusdal ar bioṫ do ḋuine, nó túarusdal ar bioṫ do ḃeaṫaċ; ní mó do ḃí sioṫċáin ag an tí do raċaḋ amaċ nó ṫigeaḋ a steaċ do ḃríġ an ḃuáiḋeárṫa: óir dó ċuir misi gaċ uile ḋuine a naġaiḋ a ċoṁarsan.