16 Do ḃris sé fós mfíacla lé cloċaiḃ gainṁéin, dfoluiġ sé mé lé luáiṫ.
Agus do ġlac sé scríobán curcain dá scríobaḋ féin leis; agus do ṡuiḋ sé síos ar fuḋ na lúaṫa.
Núaill an leoṁuin, agus guṫ an leoṁuin ḋiscir, agus fíacla an leoṁan óg, bristear íad.
Oír a duáiġ mé luáiṫ aṁuil arán, agus do ċomuisg mé mo ḋeoċ ré gul,
Eíriġ, ó a ṪIĠEARNA; anaic mé, ó mo Ḋía: óir do ḃuáil tú mo naiṁde uile air ċnáiṁ an ġéill; do ḃrisis fíacla na druinge neiṁḋíaḋa.
A Ḋé, bris a ḃfíacla iona mbéul: bris amaċ fíacla móra na nóigleoṁan, a ṪIĠEARNA.
Is milis le duine arán na ceilge: aċt na ḋiáiġ sin biáiḋ a ḃéul líonta do ġaineaṁ.
¶ O a inġean mo ḋaóine, criosluiġ ṫú féin a saicéadaċ, agus onfuirt ṫú féin a luáiṫreaḋ: déana ṫú féin cúṁṫaċ, aṁuil as buḋ ar son aóin ṁic aṁáin, caóineaḋ ro ġéur: óir tiucfuiḋ an creaċadóir oruinn go hobann.
Oir ṫáinic focal ċum ríġ Nineḃeh, agus déiriġ sé as a ċaṫaoir, agus do ċuir a róba úaḋ, agus dfoluiġ é féin lé saicéadaċ, agus do ṡuiġ a lúaiṫreaḋ.
Oir cía an duine agaiḃsi, ma atá gi níarrfuiġ a ṁac arán, do ḃéuraḋ cloċ ḋó?
Agus cía againḃsi aṫair ar a níarrfaḋ a ṁac arán, do ḃéaraḋ cloċ ḋó? Nó ḋá niárraḋ sé iásg, do ḃéaraḋ naṫair niṁe a nionad éisg ḋó?