Agus óirdéoċuiḋ misi ceiṫre sóirt ós a ccionn, á deir an TIĠEARNA: an cloiḋeaṁ do ṁarḃaḋ, agus na madruiḋ do réubaḋ, agus éunlaiṫ a naiéir, agus ainṁintiḋ na talṁan, do ṡlugaḋ agus do ṁarḃaḋ.
Uimesin muirfiḋ leoṁan as an ḃforaóis íad, agus millfiḋ madraḋ alla an díoṫraiṁ íad, do ḋéana liopard faire ós cionn a ccaiṫreaċ: réubfar na ḃloḋuiḃ a nuile ḋuine raċus amaċ as sin: do ḃríġ gurab iomḋa a ccionta, agus gur lionṁar a ndul ar ais.
O náird a núas do ċuir sé teine ann mo ċnáṁuiḃ, agus beiriġ sí buáiḋ na naġaiḋ: do leaṫnuiġ sé líon roiṁe mo ċosaiḃ, dfill sé ar mais mé: do rinne sé áonránaċ mé agus lag ar feaḋ an laói.
Is marso a dúḃairt sé, Buḋ é an ceaṫraṁaḋ beaṫaċ an ceaṫraṁaḋ ríoġaċd air an ttalaṁ, noċ ḃías éagsaṁuil ó nuile rioġaċd, agus sluigfiḋ sé an talaṁ go hiomlán, agus sailteoruiḋ sé síos é, agus brisfiḋ a mbloḋuiḃ é.
¶ Agus biáiḋ íarḋraói Iácob a measg na ngeinteaḋ a lár ṁóráin daóine aṁuil leoṁan a measc ḃeaṫaċ na foraóise, aṁuil óg leoṁan a measg na ttréud cáoraċ: noċ, má ṫéid sé ṫrid, sailteoruiḋ sé síos agus fós stíallfniḋ sé na mbloḋuiḃ; agus ní ḟeadfuiḋ duine ar bioṫ sin do ṫarṫáil.
Agus teilgfid luáiṫreaċ ar a gceannuiḃ, agus béid ag éiġṁe, ag gul agus ag caói, ag ráḋ, As trúaġ, trúaġ an ċaṫair ṁór, ré ndearnaḋ saiḋḃir an ṁéid agá raḃadar longa ar fairrge do ḃríġ a saiḋḃriosa sin! Óir do fasuiġeaḋ í a néunuáir.