Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Triaḃuin 2:6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Agus rug sé as go hégiontaċ a ṫiġ, mar do ḃíaṫ aṁuil gáirdín: do sgrios sé aíte a ċoṁṫionnail: ṫug an TIĠEARNA fa deara na féustuign sollamonta agus an tsaóire do ḋearmad a Sion, agus do ṫarcuisniġ sé a tteas a ḟeirge an sagart agus an ríġ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Triaḃuin 2:6
25 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Do ċuireadar an tsanctóir tre ṫeine go talaṁ, do ṫruáilliġeadar ionad coṁnuiḋe hanmasa.


Agus a Sálem atá a ṗáilliún, agus a ionad coṁnuiḋ a Síon.


Cred far ḃrisis síos a fálta, ċor go sgoṫaid í gaċ a ngaḃann an tsliġe?


Do ḃris tú fós a ḟálta uile; agus do ṫeilġis síos a ḋaingne.


Ná tugaiḋ ni is mo dofráluiḃ díoṁaóine liḃ: is aḋḟúaṫṁaireaċt daṁsa túis; na gealaċa núaḋa agus na sábbóidiġ, do ġairm na noireaċtus, ní ḟéaduim a ḃfulang; is égceart é, eaḋon an coṁċruinniuġaḋ solamonta.


Agus atá inġean Ṡión ar na fágḃáil aṁuil boṫan a ḃfineaṁuin, mar lóistín a ngáirdín ċúcumer, mar ċaṫruiġ fá mbíaṫ campa.


Unnesin do ṫruáilliġ mé prionnsaḋa na sanctóra, agus ṫug mé Iacob don ṁalluġaḋ, agus Israel do na scannlaċaiḃ.


Agus anois tiomain: inneosa mé ḋuit cioḋ do ḋéan rem ḟíneaṁuin: bainfiḋ mé a fál uáiṫe, agus íostar súas í, agus brisfe mé síos a balla, agus sailteorṫar uirre:


Agus do ḋéana mé fásaċ ḋi: ní ḋeiseoċṫar, agus ní róṁarṫar í; aċt fásfaiḋ a níos drise agus dosáin: agus fós fuáigeora mé do na néulluiḃ go naċ ḃfearfuid fearṫuinn uirre.


Nior ṡealḃuiḋ pobal do náoṁṫaċda é aċd re beagan aimsire: do ṡaltradar ar neasccáirde do ṡanctóra fáoi na ccosuiḃ.


Atá ar ttiġ náoṁṫa agus sgíaṁaċ, ar na losgaḋ uile re teine, áit ar ṁoladar ar naiṫre ṫusa; agus ar neiṫe sólásaċ uile ar na léirsgrios.


Aċt ċeana muna néistiġse riomsa do náoṁaḋ laé na saóire, agus gan úalaċ diomċur, ag dul a steaċ a ngeataḋuiḃ Ierusalem a ló na saóire; annsin deargfa mé teine iona geataḋuiḃ, agus loisgfiḋsí pálás Ierúsalem, agus ní múċfuiġear í.


Oír is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Día Israel; Mar do ḋóirteaḋ mfearg agus mo ċorruiġ amaċ ar áitreaḃaċaiḃ Ierusalem; is marsin doirtfiġear mfearg amaċ oruiḃsi, an tan raċtaoi don Négipt: agus beiṫi mar ṁalluġaḋ, agus mar úaṫḃas, agus mar ṁallaċt, agus mar ṁasla; agus ní ḟaicfiḋe a náitsi ní sa ṁó.


Is marso a déara tú ris, A dúḃairt an TIĠEARNA marso; Féuċ, brisfiḋ mé síos an ní do ċuir mé súas, agus an ní do ṗlannduiġ mé taireonga mé a níos, eaḋon an tírse go hiomlan.


Gúṫ na droinge ṫeiṫios agus raċus as ó ċríċ na Babilóine, dfoillsiuġaḋ ann Sion dioġaltas an TIĠEARNA ar Ndia, dioġaltas a ṫeampuill.


Caóinid sliġṫe Ṡion, do ḃríġ naċ ttíg duine ar biṫ ċum a nféusta ṡollamonta: atáid a huile ġeataḋa uáigneaċ: osnuiġid a sagairt uile, atáid a maiġdiona píanta, agus atá sí féin a searḃus.


Do roinn fearg an TIĠEARNA íad; ní ċuirfiḋ sé suim ní sa ṁó ionta: ní raiḃ meas aca air ṗearsannuiḃ na sagart, ní raiḃ faḃar aca do na sinnsioruiḃ.


Do gaḃaḋ ungṫaċ an TIĠEARNA, anál ar bpolláireaḋ, iona logaiḃ, noċ ré a nduḃramar, Faói na sgáile ṁairfiom a measg na ngeinteaḋ.


Do croċaḋ prionnsaḋa súas lé na láiṁ: agus níor honóruiġeaḋ aiġṫe na seanoireaḋ.


O ṫarcuisniġ sé an mionna ag briseaḋ an ċunnarṫa, (a nuáir, feuċ, ṫug sé a láṁ úaḋ,) agus do rinne sé na neiṫesi uile, ni raċaiḋ sé as.


Agus do ḋéana mé ḃur gcaiṫ reaċa na ḃfásáċ, agus do ḃéura mé ḃur sanctóra ċum uáíguis, agus ní ḃoiltneaċa me bolaḋ ḃur mboltanuis ndeaġḃoluiḋ.


Cruinneoċa mé an drong atá dóbrónaċ ar son an ċoiṁṫionoil ṡollamonta, noċ atá ḋíotsa, dá raiḃ a ṁasla na úalaċ.


Uime sin fós do rinne mé siḃsi tarcuisneaċ agus dímeasta as coinne a nuile ṗobal, do réir mar nár ċoiṁéadaḃair mo ṡliġṫe, aċt go raḃaḃair leaṫrannaċ annsa dliġeaḋ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ