5 Do ḃí an TIĠEARNA mar náṁuid: do ṡluig sé súas Israel, do ṡluig sé súas a páláis uile: do scrios sé a daingneaċa láidre, agus do ṁéaduiġ sé a ninġin Iúdah dóbrón agus cuṁa.
Annsin a dúḃairt an TIĠEARNA riomsa, Gioḋ go seasfaḋ Maoise agus Samuel am ḟiaḋnuisi, ṫairis sin nior ḃféidir minntinn do ḃeiṫ leis an muinntirsi: teilg amaċ as mo raḋarc íad, agus éirġidís amaċ.
Is marso a deir an TIĠEARNA Día Israel; Féuċ, fillfiḋ mé ar ais na hairm ċogaiḋ atá an ḃur láṁuiḃ, lé ttroidṫí a naġaiḋ ríġ na Babilóine, agus a naġaiḋ na Ccaldeánaċ, noċ ṡuíġios ḃur dtimċioll taoḃ amuiġ do na ballaḋuiḃ, agus cruinneoċá mé íad a lár na caiṫreaċso.
Do ḋearmadar háos graḋa uile ṫú; ní íarruid siad ṫú; óir do loit misi ṫú le lot do náṁad, lé smaċt éattrócairiġ, ar son iomaid héigceart; do ḃríġ gur ṁéaduiġeadar do ṗeacuiḋe.
Do ṡluig an Tiġearna súas uile áitreaḃṫaċa Iácob, ní ḋéarna sé truáiġe: do ṫeilg sé síos iona ḟeirg daingneaċa láidre inġine Iúdah; ṫug sé sios go taláṁ íad: do ṫruailliġ sé an rioġaċt agus a prionnsaḋa.
Do ċam sé a ḃoġa mar do ḋéanaḋ náṁuid: do ṡeas sé lé na láiṁ ḋeis mar easccaruid, agus do ṁarḃ sé gaċ a raiḃ taitneaṁaċ leis an tsúil a ttiġ inġine Sion: do ḋóirt sé amaċ a ḋíḃḟearg aṁuil teine.