Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Triaḃuin 2:4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 Do ċam sé a ḃoġa mar do ḋéanaḋ náṁuid: do ṡeas sé lé na láiṁ ḋeis mar easccaruid, agus do ṁarḃ sé gaċ a raiḃ taitneaṁaċ leis an tsúil a ttiġ inġine Sion: do ḋóirt sé amaċ a ḋíḃḟearg aṁuil teine.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Triaḃuin 2:4
38 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Eirġiḋe, agus fíafruiġiḋ don TIĠEARNA ar mo ṡonsa, agus ar son an ṁéid do ḟágḃaḋ Disrael agus do Iúdah, a ttaoḃ ḃríaṫar an leaḃair noċ do fríṫ: oír is mór fearg an TIĠEARNA noċ do ḋóirteaḋ amaċ oruinn, do ḃríġ nar ċoiṁéadadar ar naiṫre bríaṫar an TIĠEARNA, do ḋéanaṁ do réir a ḃfuil scrioḃṫa san leaḃarso.


Do ḃríġgur ṫreigeadar mé, agus gur loisgeadar túis do ḋeéiḃ oile, le a ccuirfidis fearg ormsa re uile ṡáoṫar a láṁ; uimesin dóirtfiġṫear mo ḋieġaltas amaċ ar a náitsi, agus ní múċfuiġṫear í.


Do aḋain sé mar an gcéadna a ḋioġaltas am aġaiḋ, agus measuiḋ sé mé ḋó féin mar aén da naiṁde.


Oír atáid soiġde a nuile‐ċuṁaċduiġ ionnam a stiġ, iḃiġ a niṁsin mo spiorad súas: cuirid crioṫnuiġṫe Dé íad féin a nórduġaḋ am aġuiḋ.


Do ṫairngeadar na droċḋaóine an cloiḋeaṁ, agus do réiġiodar a mboġa, do ṫeilgean na mbuaiḋearṫa agus an mboċd síos, agus do ṁarḃaḋ na ndíreaċ san tsliġe.


Do ġléus sé ḋó mar an ccéadna oirnéis an ḃáis; dórduiġ sé a ṡaiġeada a naġaiḋ na ninġreamaċ.


Uimesin do ḋóirt sé air ainteas a ḟeirge, agus neart an ċaṫa: agus do ċuir sé tré ṫeine é timċioll fa ccuáirt, aċt ní raiḃ a ḟios aige; agus do loisg sé é, aċt níor ċuir sé íona ċroiḋe é.


Aċt do ċúadar a neasuṁla air, agus do ḃúaireadar a Spiorad naoṁṫa: air anaḃarsin dfill se ċum ḃeiṫ na náṁid, agus do ṫroid sé na naġuiḋ.


Agus sailteoruiḋ mé na daoine sios ann mfeirg, agus cuirfiḋ me ar meisge ann mo ro ḟearg íad, agus do ḃéara mé a neart síos gus an ttalaṁ.


Do milleaḋ mo ṫabernacuil, agus do briseaḋ mo ċórdaḋa uile: dimṫiġ mó ċlann amaċ asam, agus ní ḃfuilid ann: ní ḃfuil áon do ṡínfeaḋ mo lóistín amaċ ní as mó, agus do ċuirfeaḋ mo ċúirtíne súas.


A ṫiġ Ḋáiḃi, is marse a deir an TIĠEARNA; Déan breiṫeaṁnus ar maidin, agus tárṫuiġ an té do milleaḋ amaċ as láiṁ an ṁilltéora, deagla go raċaḋ mfearg amaċ aṁuil teine, agus go loisgfeaḋ ċor naċ ḃféadfaḋ áonduine a múċaḋ, do ḃríġ uilc ḃur ngníoṁ.


Agus troidfiḋ mé féin ḃur naġaiḋ maille ré láiṁ sínte amaċ agus le ríġ láidir, eaḋon a ḃfeirg, a mbuile, agus a ndíḃḟeirg ṁóir.


Do ḋearmadar háos graḋa uile ṫú; ní íarruid siad ṫú; óir do loit misi ṫú le lot do náṁad, lé smaċt éattrócairiġ, ar son iomaid héigceart; do ḃríġ gur ṁéaduiġeadar do ṗeacuiḋe.


Do bféidir go ccuirfidís a ngearán a ḃfíaġnuise an TIĠEARNA, agus go ḃfillfeaḋ gaċ áon ḋíoḃ ó na ḋroiċṡliġe: óir is mór a nfearg agus an tainteas dfoillsiġ an TIĠEARNA a naġáiḋ an ṗobailsi.


Timċillġearruiḋ siḃ féin don TIĠEARNA, agus beanaiḋ ḋíḃ croicionn tosuiġ ḃur ccroiḋe, siḃsi a ḟeara Iúdah agus a áitreaḃṫaċa Ierusalem: deagla go ttiucfaḋ mo ḋiḃḟeargsa amaċ aṁuil teine, agus go loisgfeaḋ iondus naċ ḃféadfaiḋ éinneaċ a múċaḋ, do ḃríġ uilc ḃur ngníoṁsa.


Oír is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Día Israel; Mar do ḋóirteaḋ mfearg agus mo ċorruiġ amaċ ar áitreaḃaċaiḃ Ierusalem; is marsin doirtfiġear mfearg amaċ oruiḃsi, an tan raċtaoi don Négipt: agus beiṫi mar ṁalluġaḋ, agus mar úaṫḃas, agus mar ṁallaċt, agus mar ṁasla; agus ní ḟaicfiḋe a náitsi ní sa ṁó.


Uimesin is marso a deir an Tiġearna DIA; Féuċ, dóirtfiġear mfearg agus mo ċúṫaċ amaċ air a náitsi, ar ḋuine, agus air ainṁiḋe, agus ar ċrannuiḃ an ṁaċaire, agus air ṫoraḋ na talṁan; agus loisgfiḋ sé, agus ní múċfuiġear é.


O náird a núas do ċuir sé teine ann mo ċnáṁuiḃ, agus beiriġ sí buáiḋ na naġaiḋ: do leaṫnuiġ sé líon roiṁe mo ċosaiḃ, dfill sé ar mais mé: do rinne sé áonránaċ mé agus lag ar feaḋ an laói.


Do ḃí an TIĠEARNA mar náṁuid: do ṡluig sé súas Israel, do ṡluig sé súas a páláis uile: do scrios sé a daingneaċa láidre, agus do ṁéaduiġ sé a ninġin Iúdah dóbrón agus cuṁa.


Go deiṁin diompoiġ sé am aġaiḋ; filliḋ sé a láṁ am aġaiḋ air feaḋ an láe.


Ciondus ṫáinic an tór ċum ḃeiṫ dorċa! cionndus do háṫruiġeaḋ an tór ro ḟínealta! do teilgeaḋ amaċ cloċa na sanctora a mullaċ gaċ áontsráide.


Do ċoiṁlíon an TIĠEARNA a ḋíḃḟearg; do ḋóirt sé amaċ a ḟearg ḃorb, agus do las sé teine ann Sion, agus do loisc sí a bunáite sin.


Uimesin is marso a deir an Tiġearna DIA; Réubfa mé é fós lé gaóiṫ stoirmeaṁuil ann mo ḋíḃḟeirg; agus biáiḋ tuile ceaṫa an mfeirg, agus cloċa móra cloiċṡneaċda ann mo ċeannairg dá aiḋṁilleaḋ.


Agus do ḃéara mé amaċ siḃ o na daoiniḃ, agus cruincoċa me siḃ as na tíorṫuiḃ mar a ccráoḃscaóiltear siḃ, lé láiṁ láidir, agus lé ruiġ sínte amaċ, agus lé feirg dóirte amaċ.


Aṁail leaġṫar airgiod a meaḋón na fuirnise, marsin ḃeiṫíse leaġṫa iona lársan; agus aiṫeontaoi gur misi an TIĠEARNA do ḋoirt amaċ mfearg oruiḃ.


¶ Mar an ccéadna, a ṁic an duine, naċ eaḋ ḃías annsa ló a mbéara misi a neart úaṫa, gáirdeaċus a nglóire, mían a súl, agus an ní air ar ṡuiġeadar a ninntin, a mic agus a ninġeana,


Ar a naḋḃarsin do ḋóirt misi mo ḋioġaltas orra ar son na fola do ḋóirteadar air an ḃfearann, agus ar son a nioḋail ler ṫruáilleadar é:


Is marso ċoiṁlíonfuiġear mfearg, agus do ḃéara mé air mo lasan fuireaċ orra, agus biáiḋ sólás agam: agus biáiḋ a ḟios aca gur misi an TIĠEARNA do laḃair é ann mo éud, an tan ċoiṁlionfas mé mo ḋiḃḟearg ionta san.


An té atá a nimċéin éugfuiḋ sé don ṗláiġ; agus an té atá a bfogus tuitfiḋ sé leis an ccloiḋeaṁ; agus na té ṁairfios agus ionnsuiġeoċṫar éugfa sé leis an ngorta: marso ċoiṁlíonfus mé mo ḋíḃḟearg orra.


Do ṡéideadar an stoc, eaḋon do ḋéanaṁ a nuile ní réiḋ; aċt ní ṫéid duine ar biṫ ċum an ċaṫa: óir atá mfeargsa air a niomlán uile.


Agus cuirfe misi maġuiḋ ḃur naġuiḋ, agus muirfiġear roiṁe ḃur náṁaid siḃ: an drong air ar beag síḃ í íad ríġfios os ḃur gcionn; agus teiṫfiḋe a nuáir naċ mbeíḋ éanduine dá ḃur ttóruiġeaċd.


Atá Día éudṁar, agus do ní an TIĠEARNA dioġaltas; atá an TIĠEARNA dioġaltaċ, agus fíoċṁar; dó ḋéanuiġ an TIĠEARNA dioġaltas ar a naiṁdiḃ, agus taisciḋ sé géarsmaċt dá easccáirdiḃ.


Cía ḟeadas seasaṁ as coinne a ḟeirge? agus cía ḟéadas fuireaċ re buirbe a ḟeirge? do dóirteaḋ a ḋíḃḟearg amaċ mar ṫeine, agus do teilgioḋ síos na cairge leis.


Oir do haḋnaḋ teine amḟeirg, agus loiscfiḋ go hifrionn ioċdraċ, loiscfiḋ an taluṁ gona ṫoraḋ, agus cuirfiḋ tré ṫeiniḋ bunáitiġ na sliaḃ.


Ann sin a duḃairt Samuel, Cred fá ḃfíafruiġeann tú ḋíomsa, ó ḋealuiġ an TIĠEARNA riot, agus go ḃfuil sé na naṁuid agad?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ